Is cathair stairiúil agus suíomh seandálaíochta i ndeisceart na hIordáine í Petra (Araibis: ٱلْبَتْرَاء, rómhánaithe: Al-Batrāʾ; Sean-Ghréigis: Πέτρα, “carraig”, Nabataeis: 𐢛𐢚𐢓𐢈). Thug seanáitritheoirí na háite RaqmuRaqēmō uirthi.[1][2]

Petra
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálCathair ársa, cathair, díol spéise do thurasóirí agus suíomh seandálaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht800 "RCh" Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Déanta asgaineamhchloch Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchlaSuíomh Oidhreachta Domhanda: 26,171 ha
Airde os cionn na farraige800 m
1,350 m
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGobharnóireacht Ma'an, An Iordáin Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 30° 19′ 44″ N, 35° 26′ 25″ E / 30.3289°N,35.4403°E / 30.3289; 35.4403
Suíomh Oidhreachta Domhanda  
CineálOidhreacht chultúrtha  → An domhan Arabach
Am1985, 1985 (?ú Seisiún), Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (i), (iii) agus (iv)
Aitheantóir326
ID GeoNames250745
Suíomh gréasáin oifigiúilvisitpetra.jo

Tá sí suite in aice leis an sliabh Jabal Al-Madbah, i ndobharcheantar timpeallaithe ag na sléibhte a chuimsíonn an taobh thoir de ghleann Arabah a shíneann ón Mhuir Mharbh go Murascaill Aqaba.

Tá daoine ina gcónaí sa cheantar thart ar Petra ó chomh luath le 7000 RC.[3] D'fhéadfadh sé gur chuir na Nabataeigh faoi sa chathair chomh luath leis an 4ú haois RC,[4] cé gur as an dara haois RC an fhianaise seandálaíochta is luaithe a bhaineann leis na Nabataeigh.[5] B'Arabaigh fáin iad na Nabataeigh a rinne lárionad trádála réigiúnach de Petra, ag baint leas as a cóngaracht do na bealaí trádála túise.[3][6]

Shaothraigh na Nabataeigh ioncam suntasach ón ngnó trádála, agus ba í Petra croílár a saibhris. Bhí na Nabataeigh cleachta le bheith ina gcónaí san fhásach, murab ionann agus a gcuid naimhde, agus bhí siad in ann an fód a sheasamh in aghaidh ionsaithe trí leas a bhaint as tír-raon sléibhtiúil an cheantair. Bhí siad an-oilte ar bhailiú uisce báistí, ar an talmhaíocht, agus ar an tsnoíodóireacht cloiche freisin.

Bhí rath ar Petra sa 1ú haois AD, nuair a tógadh an struchtúr cáiliúil Al-Khazneh — ina mhásailéam don rí Nabataech Aretas IV, creidtear — agus bhí thart ar 20,000 duine ina gcónaí sa chathair ag an am sin.[7]

Cé go raibh an ríocht Nabataech ina stát cliaint de chuid Impireacht na Róimhe sa chéad aois RC, níor chaill sí a neamhspleáchas go dtí an bhliain 106 AD, nuair a chloígh na Rómhánaigh Petra. Gabhadh an ríocht isteach san impireacht, agus athainmníodh mar Arabia Petraea í.[8] Tháinig laghdú ar thábhacht Petra de réir mar a tháinig bealaí trádála farraige chun cinn, agus tar éis crith talún sa bhliain 363, a scrios a lán foirgneamh.

Sa ré Bhiosántach, tógadh roinnt eaglaisí Críostaí, ach lean an chathair ag meathlú, agus faoi thús na ré Ioslamaí, bhí sí tréigthe cé is moite de scata fánaithe. D'fhan sí i bhfolach go dtí gur tháinig Johann Ludwig Burckhardt uirthi arís sa bhliain 1812.[9]

Petra inniu

cuir in eagar

Caithfear dul trí altán darb ainm an Siq, 1.2km ar fad, chun Petra a bhaint amach. Tá clú agus cáil ar an gcathair as a hailtireacht charraig-ghearrtha agus as a córas seoladán uisce. Tugtar an “Rose City” ar Petra i mBéarla mar gheall ar dhath na cloiche as a raibh sí snoite.[10]

Tá Petra ina Suíomh Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO ó 1985 i leith. Rinne UNESCO cur síos ar Petra mar “cheann de na maoine cultúrtha is luachmhaire in oidhreacht chultúrtha an chine dhaonna”.[11]

Sa bhliain 2007, vótáladh Al-Khazneh ar cheann de Sheacht nIontas Nua an Domhain.[12] Is siombail den Iordáin í Petra, agus is í an áit a tharraingíonn an líon is mó turasóirí sa tír. Thug níos mó ná 1.1 milliún turasóir cuairt ar Petra in 2019, an chéad uair a thug níos mó ná milliún duine cuairt uirthi i mbliain amháin.[13] Chuir an phaindéim COVID-19 isteach go mór ar thurasóireacht sa chathair sa bhliain 2020, ach tháinig feabhas ar an scéal go luath tar éis sin, agus thug 260,000 duine cuairt ar Petra in 2021.[14]


  1. Stephan G. Schmid agus Michel Mouton (2013). "Men on the Rocks: The Formation of Nabataean Petra". ISBN 9783832533137. Dáta rochtana: 14 November 2019. 
  2. Shaddel, Mehdy (2017-10-01). "Studia Onomastica Coranica: AL-Raqīm, Caput Nabataeae*" (as en). Journal of Semitic Studies 62 (2): 303–318. doi:10.1093/jss/fgx022. ISSN 0022-4480. Dáta rochtana: 2020-12-08. 
  3. 3.0 3.1 A Short History”. Petra National Foundation. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 December 2017. Dáta rochtana: 13 February 2014.
  4. Taylor, Jane (2001). "Petra and the Lost Kingdom of the Nabataeans": 14, 17, 30, 31. Londain: I.B.Tauris. ISBN 9781860645082. Dáta rochtana: 8 Iúil 2016. 
  5. Mati Milstein. "Petra. The "Lost City" still has secrets to reveal: Thousands of years ago, the now-abandoned city of Petra was thriving.". National Geographic. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Nollaig 2019. Dáta rochtana: 27 Nollaig 2019.
  6. Jack D. Elliott Jr. (1996). "The Nabatean Synthesis of Avraham Negev: A Critical Appraisal". Retrieving the Past: Essays on Archaeological Research and Methodology in Honor of Gus W. Van Beek. Eisenbrauns. ISBN 9781575060125. Dáta rochtana: 27 Nollaig 2019. 
  7. Petra Lost and Found”. National Geographic (2 Eanáir 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 Aibreán 2018. Dáta rochtana: 8 Aibreán 2018.
  8. Petra lost and found” (en). History Magazine (2018-02-09). Dáta rochtana: 2021-01-15.
  9. Glueck, Grace (17 Deireadh Fómhair 2003). "ART REVIEW; Rose-Red City Carved From the Rock". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Nollaig 2017. Dáta rochtana: 29 Eanáir 2018.
  10. Major Attractions: Petra”. Jordan Tourism Board. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-11-04.
  11. UNESCO advisory body evaluation”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-01-13. Dáta rochtana: 2011-12-05.
  12. "Lost City" of Petra Still Has Secrets to Reveal” (en). Science (2017-01-26). Dáta rochtana: 2021-01-15.
  13. Rose-red city of Petra wraps up 2019 with record-breaking 1,135,300 visitors”. The Jordan Times (6 Eanáir 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 Eanáir 2020. Dáta rochtana: 6 Eanáir 2020.
  14. Petra sees highest visitor numbers since pandemic outbreak”. The Jordan Times (2 Nollaig 2021). Dáta rochtana: 11 Nollaig 2021.