Ba í Petronilla de Meath (c. 1300 – 3 Samhain 1324) an chéad duine a taifeadadh gur loscadh ag an stáca as draíocht in Éirinn nó sa Bhreatain Mhór í.[1]

Infotaula de personaPetronilla de Meath
Beathaisnéis
Breith1300
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Samhain 1324
23/24 bliana d'aois
Cill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Bás trí dhó)
Tréimhse amaGlúin an 14ú aois agus glúin an 13ú aois
Eile
CúiseamhAsarlaíocht
Ciontaíodh iasarlaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
céasadh
interrogation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Imeachtaí cuir in eagar

Bhí Petronilla ina cailín aimsire le Alice Kyteler, bean uasal, ar cuireadh an draíocht go príomha ina leith agus a d'éalaigh ó chrúcaí Easpag Osraí, Richard de Ledrede. Sa bhliain 1324 chuir an tEaspag Ledrede asarlaíocht agus taithíocht le deamhain ina leith agus, chomh maith leis sin,[2] gur nimhigh sí a ceathrar fear céile. Le loisceadh ag an stáca an bhreith a tugadh uirthi. Ach d'éalaigh sí (go hAlbain nó a muintir san Ísiltír).

Ina háit, rinneadh céasadh ar a cailín aimsir, Petronilla ionas go n-admhódh sí gur chuir sí an ealaín dhubh ar dhaoine, gur chaith sí crainn ar rudaí, agus go ndearna sí íobairtí do dheamhain. Ansin loisceadh ag an stáca í. Dheimhnigh an Pápa Eoin XXII an pionós sa bhulla, Super Illius Specula,[3] in 1326, dhá bhliain níos déanaí.

 
An teach ósta Kyteler inniu, Cill Chainnigh

Cuimhneachán cuir in eagar

Is í Dame Alice Kyteler, a rugadh 1284, atá i gceist in Kyteler's Inn,[4] atá ann i gcónaí i gCill Chainnigh.

Deirtear go mbíonn taibhse Petronilla le feiceáil i dTí Kyteler agus sna sráideanna thart go minic.[5]

Tá Petronilla i measc na mban dá leagadh áit ag an mbord sa thaispeántas ealaíne iomráiteach 'The Dinner Party' (1979) le Judy Chicago, atá ar buantaispeáint i Músaem Brooklyn.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. ScoilDlí, COBÁC. "Petronilla" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-03.
  2. nó chomh dona ǃ
  3. T. Galuszko (2006). "MAGIC AS 'FACTUM HERETICALE'. ON THE 'SUPER ILLIUS SPECULA' BULL ISSUED BY JOHN XXII" (as PL). Przeglad Historyczny (Historical Review) (2): 221–240. ISSN 0033-2186. 
  4. "Kyteler's Inn" (as en) (2020-10-21). Wikipedia. 
  5. Lorcán Ó Treasaigh. "Turas Éireann | CIC (lch 97)". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-13. Dáta rochtana: 2020-11-04.
  6. "Brooklyn Museum: Petronilla de Meath". www.brooklynmuseum.org. Dáta rochtana: 2020-11-03.