Plé:Kolji Glasneth

Latest comment: 5 mhí ó shin by Moilleadóir in topic Ainm an háite

D'athraigh duine eile an leathanach seo ó thosaigh tú ar a athrú. cuir in eagar

Alison a chara, Chath mé roinnt ama ar an alt seo inniu agus ní raibh mé críochnaithe leis...ar an drochuair ní féidir liom an obair a rinne mé a fháil ar ais....toisc gur athraigh tú an méid a bhí déanta agam! Tá an fógra seo a leanas ann "Tá téacs an leathanaigh mar atá sé faoi láthair le feiceáil thuas. Tá do chuid athruithe le feiceáil thíos. Caithfidh tú do chuid athruithe a chumasc leis an leagan reatha. Ní shábhálfar ach an téacs thuas nuair a bhrúnn tú ar an gcnaipe "Foilsigh athruithe"."

Níl a fhios agam conas Caithfidh tú do chuid athruithe a chumasc leis an leagan reatha a dhéanamh! Ériugena (plé) 16:31, 1 Samhain 2023 (UTC)Reply

Alison , a chara,

Sílim gur éirigh liom mo chuid oibre a fháil ar ais... tá brón orm má chuir mé scanradh ort!Ériugena (plé) 16:36, 1 Samhain 2023 (UTC)Reply

Oh no! Brón orm leis an 'coimhlint eagarthóireacht' - tá súil agam go bhfuil gach rud in ord arís - Alison plé 17:31, 1 Samhain 2023 (UTC)Reply

Ainm an háite cuir in eagar

Is léir go bhfuil polasaí eicínt ann ainmneacha dúchasacha (nó ceilteacha?) a úsáid. Tuigim an meon taobh thiar de, ach tá sé beagán aisteach mar sin féin ainm Coirnise a chur isteach in WikiData faoin lipéad “Irish”. Tugann na Breatnaiseoirí “Coleg Glasneth” ar an áit mar shampla.

Ar a bharr sin, tá an litriú kolji in úsáid sa wiki Cymraeg agus é le fáil i bhfoclóir caighdeánach na Coirnise freisin. Nárbh fhearr cloí leis an gcaighdeán sin más gá ainm Coirnise a chur ar an alt? ⚜ Moilleadóir 06:49, 2 Samhain 2023 (UTC)Reply

Tá a leithéid agus Plaid Cymru agus Fianna Fáil ag Wikidata. Shíl mé go mbeadh sé measúil nó ómósach leas a bhaint as na leaganacha atá in úsáid sna hailt sna teangacha Ceilteacha éagsúla (le cur síos inár dteanga féin ina dhiaidh) sna cásanna seo! Mar shampla, d'úsáid mé an logainm 'Abertyleri'..ní an leagan Béarla 'Abertillery'.Is fiú a lua go n-úsáidtear an leagan Breatnaise ar shuíomh na Coirnise freisin!(Tag.:https://kw.wikipedia.org/wiki/Abertyleri) Cuir glaoch orm más mian leat tuilleadh plé ar an ábhar seo. 01 832 1949 Ériugena (plé) 13:00, 2 Samhain 2023 (UTC)Reply
Maidir le: "Ar a bharr sin, tá an litriú kolji in úsáid sa wiki Cymraeg agus é le fáil i bhfoclóir caighdeánach na Coirnise freisin. Nárbh fhearr cloí leis an gcaighdeán sin más gá ainm Coirnise a chur ar an alt?" Thug mé sin faoi deara, ach shíl mé go mb'fhéidir go ndéanfainn teagmháil leis an leagan Cornaise ar dtús faoin earráid! Ériugena (plé) 13:55, 2 Samhain 2023 (UTC)Reply
I ndiaidh beagán machnaimh a dhéanamh air, ní shílim gur rud réasúnta é an focal kolji a úsáid i dteideal an ailt ar chor ar bith. Bhí an logainm Coirnise Glasneth ann cheana féin agus ní sa bhfocail koljicoláiste ach beagán faisnéise faoin rud atá le fáil san áit. Féach ar Inis Món, Túr Eiffel, Droichead Londan, Díog Offa vs. Clawdd Offa mar shampla. Ní mheasaim gur ceart gnáthfhocail a choinneáil sa teanga eile ach amháin más cuid lárnach den ainm iad, mar shampla Abertawe, Île-de-France nó cuid d’ainm eagrais nach n-aistrítear go hiondúil (Mebyon Kernow). Ní feidhm san athainmniúchán seo (dh’ainneoin an nasc athdhírithe) ach teideal an ailt a dhéanamh doiléir don ghnáthléitheoir.
Maidir le kollji vs. kolji: ní dóigh liom go bhfuil aon tairbhe ann dul isteach i gcogadh litrithe na Coirnise, fiú má tá sé ar siúl fós sna Vicíonna. Más kolji an fhoirm glactha ag Akademi Kernewek don Fhoirm Scríofa Chaighdeánach (Furv Skrifys Savonek) ba cheart go nglacadh muid leis. ⚜ Moilleadóir 03:20, 3 Samhain 2023 (UTC)Reply
Return to "Kolji Glasneth" page.