Plé:Oirialla

Latest comment: 3 bliana ó shin by Ériugena in topic Oirghialla

"Oirialla" an leagan comhaimseartha den ainm.

Naoi bhfo-ríocht cuir in eagar

Seo an liosta a bhí ann ar dtús:

  1. Uí Thuirtri;
  2. Uí Meic Cairthinn;
  3. Uí Fhiachrach Arda Sratha;
  4. Uí Moccu Uais;
  5. Uí Chremthainn;
  6. Uí Méith;
  7. Ind Airthir;
  8. Mugdorna;
  9. Uí Cruinn.

De réir an.wiki:

  • 'Uí Moccu Uais' ab'ainm comhchoiteann den chéad trí (Tort, Cairtheann, Fiachra)
  • níl 'Uí Cruinn' ann
  • tá dhá eile ann, Fir Craíbe agus Fir Lí.

Buille faoi thuairim?

Marcas (plé) 07:03, 7 Bealtaine 2020 (UTC)Reply

Oirialla cuir in eagar

Maidir le; "Ard-ríocht nó 'cúige' i nÉirinn na meánaoise ab ea 'an' tOirialla

Níor cheart go mbeadh alt curtha roimh 'Oirialla'. (Tagairt: https://www.logainm.ie/en/1420123?s=Oirialla ) Ériugena (plé) 20:45, 7 Bealtaine 2020 (UTC)Reply

Oirghialla cuir in eagar

... Conas is cóir ainm rí na Teamhrach a fuair bás sa bhliain 797 a litriú: mar ‘Donnchadh Midhe mac Domhnaill’ nó mar ‘Donnchadh Mí mac Domhnaill’? Nó cén litriú is fearr ar ainm an rí a d’éag sa bhliain 956: ‘Conghalach Cnoghbha mac Maoilmhithidh’ nó ‘Conghalach Cnóbha mac Maoilmhithidh’? Sílim gurb é an rud is loighciúla litriú na Nua-Ghaeilge Moiche a úsáid tríd síos i gcásanna den sórt. Bheadh codarsnacht inmheánach sna hainmneacha dá ndéanfainn a mhalairt. Mar an gcéanna, nuair a thagraíonn ainm do chine, do thuath nó do ríocht, is é an litriú stairiúil a úsáidfidh mé: scríobhfaidh mé ‘Osraighe’ seachas ‘Osraí’, ‘Breagha’ seachas ‘Breá’, ‘Oirghialla’ seachas ‘Oirialla’. Ciallóidh sé seo go mbeidh dhá leagan den ainm céanna in úsáid taobh le taobh i gcásanna áirithe: leagan seanda (‘Ciarraighe’, ‘an Mhidhe’, ‘Uí Fhailghe’, etc.) nuair is tagairt stairiúil atá i gceist, agus leagan comhaimseartha (‘Ciarraí’, ‘an Mhí’, ‘Uíbh Fhailí’, etc.) nuair is logainm atá i gceist. Spreag an cinneadh seo ceist eile: ar chóir ainmneacha dílse atá litrithe de réir rialacha na Nua-Ghaeilge Moiche a infhilleadh de réir na rialacha céanna? Cé acu is fearr: ‘ar Uí Fhailghe’ nó ‘ar Uíbh Failghe’, ‘in Ulaidh’ nó ‘in Ultaibh’, ‘do Bhreagha’ nó ‘do Bhreaghaibh’? Bhraitheas sa deireadh gur loighciúla an beart é an t-infhilleadh stairiúil agus an litriú stairiúil a chleachtadh i dteannta a chéile.

Nílim go hiomlán sásta leis an gcur chuige seo. Comhréiteach is ea é agus tá sé casta dá réir. B’fhearr liom dá mbeadh córas níos simplí agam. B’fhearr liom dá mbeadh polasaí éigin leagtha amach ag staraithe eile romham. Ach tá sé déanach sa ló agus is mithid tús a chur leis an obair. Mura dtaitníonn an polasaí atá agam leis an gcéad staraí eile a ghabhann an tslí, déanadh sé nó sí polasaí níos fearr a chumadh ... (Tagairt:Cúrsaí Staire https://cstair.blogspot.com/2020/04/whats-in-name.html) Ériugena (plé) 17:09, 23 Samhain 2020 (UTC)Reply

Return to "Oirialla" page.