Plé úsáideora:Alison/Cartlann 16
'Vicipéid' nó 'an Vicipéid'
(Nóta: D'fhág mé an teachtaireacht seo ar Plé úsáideora:Kevin Scannell chomh maith.)
Haigh, a Alison. Feicim go bhfuil tú i do riarthóir anseo. Mar sin, tá ceist agam ort. Cén t-ainm atá ar an gciclipéid seo? Feictear dom go mbíonn daoine anonn is anall idir Vicipéid agus an Vicipéid, agus níor éirigh liom teacht ar mholadh oifigiúil in aon áit ar cé acu is fearr a úsáid.
Mar sin, rinne mé roinnt tochailte mé féin agus seo iad a leanas na torthaí ar an tochailt sin.
Roinnt samplaí de Vicipéid in úsáid
ón alt Vicipéid na Gaeilge:
- "An rud is áille faoi Vicipéid ná..."
- "Is áis den scoth í Vicipéid don phobal Gaeilge..."
- "...gur áis mhaith í Vicipéid na Gaeilge:"
ón alt Vicipéid:
- "Is iomaí Vicipéid atá ann..."
Roinnt samplaí de an Vicipéid in úsáid
ar bharr gach leathanaigh:
- "Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor."
ón alt Vicipéid na Gaeilge:
- "Cheap Beo go raibh an Vicipéid úsáideach..."
- "...luach oideachasúil na Vicipéide.
ón alt Vicipéid:
- "Is ciclipéid ar líne é an Vicipéid..."
- "Is í an Vicipéid an saothar tagartha is mó..."
Conclúid
Bíonn daoine anonn is anall idir an dá leagan, ach is é Vicipéid an leagan is fearr liom féin ar na fáthanna seo a leanas:
- Sin an leagan atá in úsáid i lógó an tsuímh cheana féin.
- Is cosúil go bhfuil Vicipéid na Gaeilge in úsáid ar bhonn níos forleithne ná an Vicipéid Ghaeilge cheana féin. Mar sin, oireann an leagan Vicipéid níos fearr mar ainm ginearálta, dar liom.
- Mar a deirtear san alt faoi Vicipéid, “is iomaí Vicipéid atá ann” (e.g. Vicipéid na Gaeilge, Vicipéid an Bhéarla srl.). Sílim, áfach, go gcuireann an Vicipéid in iúl (níos mó ná an leagan Vicipéid) nach bhfuil ach ceann amháin ann.
Mar sin, sílim go mbeadh sé úsáideach Vicipéid a roghnú mar leagan oifigiúil, agus é sin a léiriú go soiléir i ngach áit ar an suíomh (go háirithe ar na leathanaigh a léann núíosaigh, msh. Vicipéid:Fáilte, a núíosaigh agus na leathanaigh ar fad sa liosta ag bun an leathanaigh sin), ionas go mbeadh a fhios ag daoine ón tús gur Vicipéid is fearr a úsáid, agus ní an Vicipéid.
Má ghlactar le Vicipéid mar leagan oifigiúil, is dócha gur fearr na foirmeacha seo a leanas a úsáid...
- Is ciclipéid ar líne í Vicipéid seachas Is ciclipéid ar líne í an Vicipéid
- tábhacht Vicipéide seachas tábhacht na Vicipéide
- alt Vicipéide seachas alt na Vicipéide
- Vicipéid na Gaeilge seachas An Vicipéid Ghaeilge
Do bharúil?
– Lyonskvn (plé) 08:27, 2 Eanáir 2024 (UTC)
Ná bac leis seo. Tá an cás réitithe anois againn (féach anseo). – Lyonskvn (plé) 15:51, 2 Eanáir 2024 (UTC)
Uirlis aistriúcháin
Hi a Alison, cúpla ceist agam ort. Ar dtús, an bhfuil a fhios agat ar chuir forbróirí Wikimedia cosc ar an uirlis aistriúcháin d'úsáideoirí nua? Más buan mo chuimhne, ba é sin an vóta a bhí againn anuraidh. An ceist eile ná an féidir liom dul i dteagmháil leis na múinteoirí nó daoine eile atá i mbun oibre leis na mic léinn i gColáiste Oiriall? GRMA! kscanne (plé) 14:52, 18 Eanáir 2024 (UTC)
- Hi again Alison, just following up on the above. Who do I talk to in order to have Content Translation locked down as we agreed to last year? Still seeing new articles run through MT with no post-editing. kscanne (plé) 15:33, 17 Márta 2024 (UTC)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí Rás F1
Haigh a Alison, táim ag iarraidh leathanaigh Vicipéide a scríobh maidir le Foirmle a hAon, ach ar an drochuair ní féidir liom bosca sonraí a chruthú dó. Ba bhreá liom ceann cosúil leis an ceann Béarla nó Francaise ach ni thig liom an dóigh chun é a dhéanamh a oibriú amach. An mbeidh tú ábalta cuidiú ar bith a thabhairt dom nó duine arbh fhéidir é a dhéanamh níos fearr na liomsa? GRMA! Malodrama (plé) 02:16, 26 Feabhra 2024 (UTC)