An Phortaingéil
Is poblacht daonlathach í an Phortaingéil (Portaingéilis: Portugal), go hoifigiúil an Phoblacht Phortaingéalach (Portaingéilis: República Portuguesa), atá suite in iardheisceart na hEorpa. Tá teorainn ag an tír leis an Spáinn, suite san oirthear, agus an tAigéan Atlantach san iarthar. Clúdaíonn an tír na hoileánraí na hAsóir agus Maidéara. Is í Liospóin, an chathair is mó sa Phortaingéil, príomhchathair na tíre.
An Phortaingéil | |||||
---|---|---|---|---|---|
República Portuguesa (pt) Portugal (pt) | |||||
|
|||||
Aintiún | A Portuguesa | ||||
Mana | «Europe's West Coast» «Arfordir Gorllewin Ewrop» | ||||
Ainmnithe in ómós | Portus Cale (en) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Liospóin | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 10,347,892 (2021) | ||||
• Dlús | 112.2 hab./km² | ||||
Déamainm | Portaingéalach | ||||
Teanga oifigiúil | an Phortaingéilis Mirandese (en) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | South-West Europe (en) an tAontas Eorpach an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch | ||||
Achar dromchla | 92,225 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Pointe is airde | Mount Pico (en) (2,351 m) | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Impireacht na Portaingéile agus Ríocht na Portaingéile | ||||
Cruthú | 23 Bealtaine 1179 | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Éarlamh | Naomh Seoirse | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Portaingéile | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól na Poblachta | ||||
• Uachtarán na Portaingéile | Mário Soares (1986–1996) | ||||
• Príomh-Aire na Portaingéile | António Costa (2015–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach Bhreithiúnais na Portaingéile | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 253,982,847,571 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .pt | ||||
Glaochód | +351 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 | ||||
Cód tíre | PT | ||||
Cód NUTS | PT | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | portugal.gov.pt… |
Cathracha sa Phortaingéil
cuir in eagarEacnamaíocht
cuir in eagarÚsáidtear an euro mar airgeadra sa Phortaingéil. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Portaingéile an 55ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 47ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 46ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an bPortaingéil, é ar $30,258 don chónaitheach.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Phortaingéil an 42ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 26ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[1] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Phortaingéil an 77ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 6.4%, an 20ú leibhéal is fearr san Aontas Eorpach.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
- ↑ "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.