Ráth Fhearna

baile i gContae na hIarmhí

Is sráidbhaile beag é Ráth Fhearna.[1] Tá Ráth Fhearna i gContae na hIarmhí deich mhéile ó Mhuilleann gCearr. Tá Ráth Fhearna suite ar an bóther R156. Tá Ráth Fhearna 64 cillméadar[2] ó mBaile Átha Cliath.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRáth Fhearna

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°31′21″N 7°05′33″W / 53.5225°N 7.0925°W / 53.5225; -7.0925
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae na hIarmhí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde75 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1413968

Daonra cuir in eagar

I 2016, de réir an daonáirimh[3], tá 221 daoine ina gcónaí i Ráth Fhearna.

An daonra i 1991, bhí 254 ina gcónaí i Ráth Fhearna.De réir an daonáirimh, tá an aoisghrúpa tromlaigh idir 18-64 bliana.Tá 110 fír agus 111 mná ina gcónaí i Ráth Fhearna.[4]

Stair cuir in eagar

Tá brí stairiúil leis an ainm Ráth Fhearna.

Tá ráth stairiúil suite ar imeall Ráth Fhearna agus is as sin a thagann ainm an bhaile[5].

 
Séipéal Naomh Brigid Ráth Fhearna (Raharney Church)

Séard is brí le Ráth Fhearna ná rath a bhí ann fadó le fearnóg mhór ag fás in aice leis.

Tógadh Maguire Brother as Baile Átha Buí an scoil i 1960.[6]

Bunaíodh an Club Cumman Iomanaíocht Ráth Fhearna sa bhliain 1904.[7]

Bunaíodh an Club Cumman Camógaíocht Ráth Fhearna sa bhliain 1978.

Tá Ráth Fhearna lán le traidisiún iománaíochta agus camógaíochta.

Séipeal Naomh Bríd cuir in eagar

Tá séipéal Ráth Fhearna mar chuid de pharóiste Cill Liúcainne.

Tógadh séipéal Naomh Bríd i Ráth Fhearna i 1834.

Thóg Fr. John Curran PP an séipéal i mí an Mhárta an bhliain sin.

Rinne Fr. Eugene O'Rourke PP é a athchóiriú ansin i 1860.[8]

Tíreolaíocht cuir in eagar

Is é N 60025 53028 an tagairt eangaí na hÉireann.[9]

Tá droichead álainn ag sráidbhaile Ráth Fhearna thar Abhainn Daol.

Is fo-abhainn den Bhóinn í Abhainn Daol.

Níl Ráth Fhearna suite ach 3 cillméadar ó theorainn Contae na Mí.

portach ó theorainn na Mí agus san Iar Mhí idir Ráth Fhearna agus Baile Iomhair.[10]

Tá sean reilig nach bhfuil in úsáid, ar bharr cnoic bheag ar lúb na habhann agus í ag fágáil an tsráidbhaile[11].

I 2019, Bhí Ráth Fhearna ar an leibhéal is airde go háitiúil i mBailte Slachtmhara san Iarmhí.[12]

Tionscail cuir in eagar

Is é Shay Murtagh Precast an chuideachta suaitheanta de Ghrúpa Shay Murtagh. Tá sé suite i Ráth Fhearna.

Tá sé i dtionscal na tógála

Déanann Shay Murtagh Precast speisialtóireacht i ndéantúsaíocht coincréite réamhtheilgthe saincheaptha do mhargaí bonneagair, bóthair, iarnróid, fóntais, cónaithe agus tráchtála.

Cruthaíonn sé na céadta post don phobal áitiúil.

Taisteal cuir in eagar

Tá Ráth Fhearna suite ar an bóthar R156.

Tá Cill Liúcainne, Baile Íomhair agus Dealbhna an sráidbhaile in aice leis Ráth Fhearna.

Soláthraíonn bealach 115C Bus Éireann nasc comaitéireachta le Baile Átha Cliath trí Baile Íomhair, Ráth Fhearna, Cnoc an Línsigh agus Maigh Nuad go dtí an Muilleann gCearr le turas amháin ar maidin agus turas tráthnóna ar ais ó Luan go hAoine go huile.[13]

Tá cuideachta bus áitiúil ann darb ainm 'Deelside Coaches' a thugann daltaí chuig meánscoileanna áitiúla as Ráth Fhearna.[14]

Oideachas cuir in eagar

 
Ráth Fhearna, Co na hÍar Mhí.

Tá bunscoile beag i Ráth Fhearna. Scoil Mhuire is ainm di. Tógadh Maguire Brothers Scoil Mhuire as Athboy i 1960.

Ní raibh teas lárnach acu sa Scoil Mhuire.

Bhí Bord na Móna sa cheantar agus mar sin chuir siad móin ar fáil don scoil.

Lasadh siad tinte sa sorn i ngach seomra ranga. Bhí thart ar 100 daltaí sa scoil i 1961.

Ar an lá atá inniu, tá thart ar 120 daltaí, 5 muinteoirí agus 2múinteoirí oideachais speisialta.[6]

Spóirt cuir in eagar

Galf cuir in eagar

Tá cúrsa galf i Ráth Fhearna.

Thóg Shay Murtagh Precast cúrsa gailf 9 bpoll ar chuid dá gcairéal ídithe d’fhonn cuidiú leis an timpeallacht.[15]

Camógaíocht cuir in eagar

Tá club camógaíochta rathúil ann i Ráth Fhearna. Bunaíodh é i 1978.

Tá traidisiún fada bródúil as camógaíocht ag club camógaíochta Ráth Fhearna san Iarmhí.

Ó shin bhuaigh siad 11 teideal contae sinsearacha breise i 2007, 2008, 2009, 2010,[16] 2013, 2015, 2016, 2017, 2018, 2019, agus 2020.[17]

I 2019, Bhuaigh Ráth Fhearna a gcéad teideal ar an chluiche Ceannais Laighean agus bhuaigh an chéad cheann fiú san Iarmhí.

Shroich siad cluiche ceannais na hÉireann ansin ach chaill siad i gcoinne Clann Maurice as Ciarraí.[18]

Fuair triúr imreoirí (Laura Doherty, Fiona Leavy agus Pamela Greville) as Ráth Fhearna gradam réalta ag ardú as cuimse as an cumann camogíochta sa bhliain 2019.[19]

Íomanaíocht cuir in eagar

Is club de chuid Chumann Lúthchleas Gael é CLG Ráth Fhearna. Bunaíodh é i 1904.

Bhuaigh club iománaíochta Ráth Fhearna 13 teideal contae sinsearacha sa bhliain 1913, 1914, 1919, 1967, 1973, 1984, 1992, 1994, 2006, 2008, 2010, 2014[20], 2016[21].

Sacar cuir in eagar

Tá Club Sacar i Ráth Fhearna. 'Raharney United' is ainm di.

Bhunaíodh é i 1994.Tá páirc nua uile-aimsire tógtha acu le déanaí (2020).[22]

Daoine Cáiliúla cuir in eagar

Is banna indie rock Éireannach iad an Academic, a bunaíodh i gContae na hIarmhí in 2013.

Is éard atá sa bhanna Craig Fitzgerald, Dean Gavin, agus na deartháireacha Matthew agus Stephen Murtagh.

Tá Matthew agus Stephen Murtagh as Ráth Fhearna.

In 2018. bhí siad ar an ngearrliosta do na gradaim ceoil rogha.[23]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ráth Fhearna/Raharney | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2. "Raharney to Dublin" (en). Raharney to Dublin. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  3. "Census Results 2016". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-05. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  4. "Raharney (Westmeath, All Towns, Ireland) - Population Statistics, Charts, Map, Location, Weather and Web Information". www.citypopulation.de. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  5. "Ráth Fhearna/Raharney" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  6. 6.0 6.1 "Raharney N.S. - About Us". www.raharneyns.ie. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  7. "Raharney Hurling Club". www.raharneygaa.ie. Dáta rochtana: 2020-12-06.
  8. "killucanparish". www.parishofkillucan.ie. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  9. "Irish Grid Reference Finder". irish.gridreferencefinder.com. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  10. "R156" (en). R156. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  11. "ⓘ Encyclopedia - Raharney - towns and villages in county westmeath. Raharn" (en). Blog. Dáta rochtana: 2020-12-06.[nasc briste go buan]
  12. "Raharney highest locally in Tidy Towns" (en-US). Westmeath Examiner. Dáta rochtana: 2020-12-06.
  13. "View Timetables - Bus Éireann - View Ireland Bus and Coach Timetables & Buy Tickets". www.buseireann.ie. Dáta rochtana: 2020-12-06.
  14. "Deelside Coach & Minibus Hire - WESTMEATH - MissedCallIreland.com". www.missedcallireland.com. Dáta rochtana: 2020-12-06.
  15. "9 Hole Golf Course by Shay Murtagh Precast" (en-GB). Shay Murtagh Precast. Dáta rochtana: 2020-12-06.
  16. "Raharney camogs make it four-in-a-row - HoganStand". www.hoganstand.com. Dáta rochtana: 2020-12-06.
  17. "Connaughton: ‘We cherish county finals in Raharney’" (en-US). Westmeath Independent. Dáta rochtana: 2020-12-06.
  18. "2019 AIB All-Ireland Junior Club Camogie Championship Final - Clanmaurice (Kerry) 1-10 Raharney (Westmeath) 2-7" (en). Munster GAA (2019-11-13). Dáta rochtana: 2020-12-06.
  19. "Camogie: Lake County dominates Soaring Stars as Greville takes intermediate award - HoganStand". www.hoganstand.com. Dáta rochtana: 2020-12-06.
  20. "Favourites Raharney Reclaim Westmeath Hurling Crown".
  21. "Westmeath SHC final: Raharney's second-half comeback stuns holders - HoganStand". www.hoganstand.com. Dáta rochtana: 2020-12-06.
  22. "Raharney United break ground on new astroturf pitch" (en-US). Westmeath Examiner. Dáta rochtana: 2020-12-06.
  23. "2018 Shortlist – Choice Music Prize" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-12-06.