Róisín Elsafty
Amhránaí ar an sean-nós í Róisín Elsafty.
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | amhránaí |
Tréimhse oibre | 1996 – |
Seánra | Ceol tíre traidisiúnta |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Uirlis | Ceol gutha |
Suíomh gréasáin | roisinelsafty.com |
Beathaisnéis cuir in eagar
Is de shliocht Gael-Éigipteach í Róisín Elsafty, ó Chontae na Gaillimhe. Is iníon í le Treasa Ní Cheannabháin agus le Saber Elsafty, dochtúir Éigipteach. Is deirfiúr le Naisrín Elsafty í. Teaghlach ilchultúrtha agus dáchreidmheach a bhí ann agus dhéantaí idir Nollaig agus Eid ul-Fitr (deireadh Ramadan) a cheiliúradh. Bhuail na tuismitheoirí le chéile agus iad ag obair sa Danmhairg agus phós i bparóiste Chill Chiaráin.[1] Chuaigh an chlann ar scoil sa cheantar agus idir Ghaeilge agus Bhéarla ar a dtoil acu. Tá an ceol ó dhúchas aici, agus is minic cloiste ag féilte agus i gcuideachta í. Tá sí le feiceáil agus le clos ag amhrán ar roinnt clár ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta.[2]
Tá baint ag Róisín agus a muintir leis an Meán-Oirthear i gcónaí. Is feachtasóir ar son cearta daonna lena cuid ceoil í.[3]
Dioscliosta cuir in eagar
- Má Bhíonn Tú Liom, Bí Liom (2007, VERTCD080)
- Irlande: L’art du Sean-Nós, Róisín Elsafty & Treasa Ní Cheannabháin (Buda Musique 92711-2)
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ ’From Galway to Gaza,’ Patrice Harrington, The Daily Mail, 16 Bealtaine 2009, 6 Iúil 2011
- ↑ Féach, mar shampla Amhráin is Ansa Liom
- ↑ Féach mar shampla an t-amhrán Alí -Dílleachtín gan Bhrí (Má Bhíonn Tú Liom, Bí Liom)