Rugadh agus tógadh Treasa Ní Cheannabháin i gCill Chiaráin i gConamara, ach tá sí ina cónaí le roinnt mhaith blianta anois i mBearna. Chaith sí an chuid is mo dá saol ag múineadh scoile.

Treasa Ní Cheannabháin
Rugadh 1953
  Contae na Gaillimhe
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Múinteoir, Amhránaí
Seánra(í) ceoil Traidisiúnta
Gníomhach 1970idí-anois

Tá sí ag casadh amhráin ó bhí sí ina cailín beag bídeach agus chuir sí suim mhór san amhránaíocht ar an sean nós i dtús na 70óidí nuair a chuaigh sí ag an Oireachtas i mBaile Átha Cliath.

Bhain sí amach a lán duaiseanna san amhránaíocht ar an Sean Nós, ag féilte, fleadhanna agus an t-Oireachtas. Bhuaigh sí Corn na mBan i 1995 agus an dara h-áit i gCorn Uí Riada sa mbliain céanna. Tá go leor ceárdlainn amhránaíocht ar an Sean Nós tugtha aici ag féilte síos thríd na blianta. Ina measc; scoil Acla, Féile Joe Éiniú, Scoil Dhúglais De hÍde agus thar lear.

Tá Treasa pósta le Dr. Elsafty ón Éigipt. Tá triúir iníon agus mac amháin acu agus tá amhráin ar an sean nós ar a dtoil ag na cailiní (féach ar Róisín Elsafty agus Naisrín Elsafty) agus duaiseanna bainte amach acu ag ríar mhaith féilte agus fleadhanna ó bhí siad an–óg.

Gníomhaí ar son chearta an duineCuir in Eagar

Is gníomhaí cearta daonna í Treasa Ní Cheannabháin agus tá go leor dá h-ama tugtha aici chun aird a tharraingt ar chas truamhéileach na bPalistinigh agus tugann sí turais rialta don Phailistín go h-airid go Gaza. Tá amhráin cumta ag Treasa Ní Cheannabháin faoin Iaráic agus an Phalaistín. Sa bhliain 2008 coinneáladh Treasa Ní Cheannabháin agus a iníon, Naisrín Elsafty, tamall i n Gaza tar éis dóibh éalú thar teorainn isteach ón Éigipt le hairgead a bailíodh in Éirinn do theaghlaigh Phalaistíneacha.[1]

DioscliostaCuir in Eagar

  • Irlande: L’art du Sean-Nós, Róisín Elsafty & Treasa Ní Cheannabháin (Buda Musique 92711-2)

ScannánliostaCuir in Eagar

Teilifís
Bliain Teideal Ról Notaí
2014 An Bronntanas Mary

TagairtíCuir in Eagar

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar