Rónán Mac Con Iomaire
Is é Rónán Mac Con Iomaire (a rugadh 2 Eanáir 1975) Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta.[1] Is iad na príomhchúraimí atá luaite leis an bpost ná an phleanáil teanga a fhorbairt, an fhorbairt réigiúnach, an fhorbairt fiontraíochta, an fhorbairt chultúrtha, forbairt an gheilleagair shóisialta agus an fhorbairt pobail.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Eanáir 1975 49 bliana d'aois Gaillimh, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, láithreoir |
Teaghlach | |
Athair | Tomás Mac Con Iomaire |
Gairm
cuir in eagarIar-iriseoir le TG4 agus iar-leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (2011-2014) é Rónán Mac Con Iomaire, ar ceapadh ina Ghrúpcheannasaí Gaeilge ar RTÉ é in 2014.[3]
Údar
cuir in eagarIs é údar Rocky Ros Muc, an leabhar mór-ráchairte faoi shaol an dornálaí Gaeltachta Seán Ó Mainnín.[4] Is leabhar é faoin dornálaí Gaeltachta, Seán Ó Mainnín, a throid i gCraobh an Domhain i Nua-Eabhrac i gcoinne Mike McCallum in 1982. Bronnadh duais i gComórtas na Scríbhneoirí Úra, Oireachtas na Gaeilge, ar Rónán Mac Con Iomaire dá shaothar.[5]
Pearsanta
cuir in eagarRugadh agus tógadh Mac Con Iomaire le Gaeilge sa nGaeltacht agus tá sé ina chónaí ar an gCeathrú Rua. Is é a athair Tomás Mac Con Iomaire, léiritheoir raidió agus iriseoir Gaeilge.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Ronán Mac Con Iomaire (2022). "An dóchas an t-aon seans atá ag an nGaeilge mar is beag duine a mheallfar síos bóithrín an bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
- ↑ "Ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta faighte ag Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
- ↑ Rónán Mac Con Iomaire, - agallamh ar Youtube (10 Feabhra 2015). "FÍSEÁN: Agallamh le Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (22 Meitheamh 2018). "‘Irish’ Micky Ward le leagan Béarla Rocky Ros Muc a sheoladh i mBostún amárach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
- ↑ "Buaiteoirí Chomórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge fógartha < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.