Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann (1916)

Nuair a ghabh ceannairí an Éirí Amach Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath Luan Cásca, an 24 Aibreán 1916, d’fhógair siad 'Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann'. Léigh Pádraig Mac Piarais forógra amach thar ceann an 'Rialtais Shealadaigh', más fíor dóibh féin é. Mar fhocal scoir, dúirt sé

Forógra na Poblachtaː Aistriúchán go Gaeilge níos déanaí

"arna shíniú thar ceann an Rialtais Shealadaigh: Tomás Ó Cléirigh, Tomás Mac Donnchadha, Éamonn Ceannt, Seán Mac Diarmada, Pádraig Mac Piarais, Séamas Ó Conghaile, Seosamh Pluincéad."

Ansin ar an 30ú Aibreán 1916, d'fhógair an Piarsach go raibh "sé socraithe ag comhaltaí an Rialtais Shealadaigh atá i láthair ag an gceanncheathrú géilleadh gan chomha".[1]

Ní raibh mórán iomrá i measc phobal na hÉireann ar Shínitheoirí an Fhorógra, a bhí idir 29 agus 59 bliana d’aois. Ní raibh siad tofa, ach féincheaptha. Mar sin féin, sheas siad do shnáitheanna éagsúla de náisiúnachas na hÉireann agus d’Athbheochan na Gaeilge[1] (ach Níor léigh an Piarsach an forógra ach i mBéarla).

Caithfear a rá nach raibh bá an phobail ar thaobh na gceannairceach ar dtús báire, mar gheall ar easpa tuisceana ar an gcuspóir, chomh maith le daoine a bheith ag fáil bháis; an t-ár agus an doirteadh fola.

D’athraigh sé sin go tapaidh, áfach[1] agus sa bhliain 1919, bhunaigh An Chéad Dáil córas rialtais i ndáiríre. Ach chuir Éirí Amach 1916 tús le próiseas, as ar lean Éire agus an Bhreatain Mhór a dheighilt óna chéile.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 "History of the 1916 Rising | Ireland 2016". web.archive.org (2018-03-05). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-03-05. Dáta rochtana: 2021-07-11.