Osclóidh seo an príomhroghchlár

File agus náisiúnaí Éireannach a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 ba ea Seosamh Máire Pluincéad (21 Samhain, 18874 Bealtaine, 1916), nó Joseph Mary Plunkett mar a thugtaí air as Béarla. Mac le George Noble Plunkett (an Cunta Pluincéad) ba ea é, a bhí gníomhach sa ghluaiseacht níos déanaí.

Seosamh Pluincéad
Joseph Mary Plunkett.jpg

Dáta breithe 21 Samhain, 1887
Áit bhreithe Baile Átha Cliath, Éire
Dáta báis 4 Bealtaine 1916
  Príosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, Éire
Páirtí Óglaigh na hÉireann
Bráithreachas na Poblachta
Gairm Iriseoir, file
Céile Grace Gifford

Tús a shaoilCuir in Eagar

Rugadh agus tógadh Seosamh Pluincéad i mBaile Átha Cliath, ach chaith sé tamall freisin ag taisteal i dtuaisceart na hAfraice agus timpeall na Meánmhara. Bhí an-suim aige in oidhreacht agus i gcultúr na hÉireann, agus sa Ghaeilge go háirithe. Bhí sé ar dhuine den bheirt cheannairí in Éirí Amach 1916 a raibh Esperanto, an teanga idirnáisiúnta, acu. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, áit ar bhuail sé le Tomás Mac Donnchadha, file óg eile, agus mhair an cairdeas a bhí eatarthu go dtí deireadh a saolta.

Chuaigh Pluincéad isteach i mBráithreachas na Poblachta sa bhliain 1915, agus seoladh é go dtí an Ghearmáin chun cabhair a thabhairt do Ruairí Mac Easmainn a bhí ag iarraidh tacaíocht Ghearmánach a fháil chun éirí amach a chur ar siúl in Éirinn.

Éirí amach na CáscaCuir in Eagar

Ba é Pluincéad a chruthaigh beartaíocht na réabhlóidithe le haghaidh an éirí amach, agus bhí sé i measc na gceannairí a shínigh Forógra na Poblachta an 24 Aibreán. Thit sé tinn cúpla lá roimh an éirí amach, ach d'fhág sé a leaba chun páirt a ghlacadh san eachtra. Bhí sé le fáil in Ard-Oifig an Phoist, in éineacht le Pádraig Mac Piarais agus Tomás Ó Cléirigh. Ba é Micheál Ó Coileáin an aide de camp óg a bhí aige. Mar gheall ar an tinneas a bhí air, ní raibh Pluincéad in ann mórán a dhéanamh i rith na seachtaine.

BásCuir in Eagar

Ghéill na ceannaircaigh ar 29 Aibreán agus cuireadh Pluincéad i bPríosún Cill Mhaighneann. Daoradh chun báis é. Phós sé a ghrá geal Grace Gifford sa phríosún, cúpla uair an chloig sular lámhachadh é. Ocht mbliana is fiche d'aois a bhí sí.

TagairtíCuir in Eagar