Tomás Mac Donnchadha
Náisiúnaí Éireannach ab ea Tomás Mac Donnchadha (1 Feabhra, 1878 – 3 Bealtaine, 1916), a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca. Múinteoir agus scíbhneoir a bhí ann agus duine de seachtar sínitheoirí Fhorógra na Poblachta.
Tomás Mac Donnchadha | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Cloch Shiurdáin, 1ú Feabhra 1878 |
Náisiúntacht | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Bás | Príosún Chill Mhaighneann, 3 Bealtaine 1916 |
Áit adhlactha | Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair |
Cúis bháis | (tráma balaistíoch) |
Muintir | |
Céile/Céilí | Muriel MacDonagh |
Páistí | liosta iomláin
|
Siblíní | liosta iomláin
|
Oideachas | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Gairm | |
Gairm | drámadóir, file agus gníomhaí ar son cearta vótála |
Ballraíocht | Bráithreachas na Poblachta |
Seirbhís mhíleata | |
Céim | maor |
Throid sé/sí ag | Éirí Amach na Cásca |
SaolCuir in Eagar
Ba as Cloch Shiurdáin, Tiobraid Árann ó dhúchas é Mac Donnchadha, agus chaith sé an chéad chuid dá shaol ag múineadh. Bhog sé go Baile Átha Cliath le staidéar a dhéanamh agus ba é an chéad mhúinteoir é ar fhoireann Scoil Éanna, an scoil ar thug sé cúnamh lena bunú in éineacht le Pádraig Mac Piarais. Bhí eolas maith ag Mac Donnchadha ar an litríocht, agus bhain a chuid dúthrachta agus léinn áit amach dó i roinn an Bhéarla i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Léiríodh an dráma a scríobh sé When the Dawn is Come in Amharclann na Mainistreach.
Ceapadh é ina stiúrthóir oiliúna ar Óglaigh na hÉireann in 1914, agus chuaigh sé isteach san IRB ina dhiaidh sin. Ceapadh Mac Donnchadha ar Chomhairle Mhíleata an IRB in 1916. Ba é a bhí mar cheannasaí ar an Dara Cathlán de Dhrong Bhaile Átha Cliath a thóg seilbh ar mhonarcha brioscaí Jacob agus na tithe thart san áit sin le linn an Éirí Amach.
Cuireadh chun báis é an 3 Bealtaine 1916.
SaotharCuir in Eagar
Rogha óna chuid saothar:
- April and May
- When the Dawn is Come
- Songs of Myself
- Lyrical Poems
- Thomas Campion and the Art of English Poetry
- Literature in Ireland
Seo mar a scríobh sé:
- Mise Gael
- Agus ní heol dom cúis ach bróid
- gur mhair mo náisiún beo
- in ainneoin feall na nGall anseo.
- Diúltaíonn sé géilleadh
- fiú amháin don díomá.
- Agus éiríonn sé tréan inniu
- le neart nua ina ghéag
- agus amhrán nua ar a liopaí.
- i bhfocail an teanga nua
- a bhfuil ina teanga aosta
- ag glaoch go fóill
- ó haois go haois.
TagairtíCuir in Eagar
Éirí Amach na Cásca |
||
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis) |
||
Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile | ||
Daoine eile a cuireadh chun báis |
||
Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn | ||
Éireannaigh mór le rá eile |
||
Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |