George Noble Plunkett

polaiteoir Éireannach

Ba náisiúnaí agus polaiteoir Éireannach é George Noble Plunkett (3 Nollaig, 185112 Márta, 1948), nó an Cunta Pluincéad mar a thugtar air go minic.[1] Chuaigh sé isteach sa ghluaiseacht nuair a lámhachadh a mhac Seosamh Pluincéad, a bhí ina cheannaire i rith Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Ball den Chéad Dáil ab ea é, a chaith tamall beag ina Cheann Comhairle.

Infotaula de personaGeorge Noble Plunkett

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Nollaig 1851
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Márta 1948
96 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
19 Meán Fómhair 1923 – 20 Bealtaine 1927 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 4ú Dáil

Toghcheantar: Ros Comáin

Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil


Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil


Ceann Comhairle
22 Eanáir 1919 – 22 Eanáir 1919
← Cathal BrughaSeán Tomás Ó Ceallaigh →
An tAire Gnóthaí Eachtracha
22 Eanáir 1919 – 26 Lúnasa 1921 – Art Ó Gríofa →
Teachta Dála
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 1ú Dáil

Toghcheantar: Ros Comáin Thuaidh

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Ros Comáin Thuaidh

Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
3 Feabhra 1917 – 25 Samhain 1918 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Ros Comáin Thuaidh

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Átha Cliath
Coláiste Choill Chluana Gabhann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmtaidhleoir, abhcóide, polaiteoir, staraí na healaíne Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin
Fianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Eile
Teideal uasalCunta Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGeraldine Plunkett Dillon, Fiona Plunkett, Seosamh Pluincéad, Seoirse Oilibhéar Pluincéid Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
George Uasal Pluincéád, agus a bhean Mary Josephine Cranny i mBaile Átha Cliath, Agence Rol, Leabharlann Náisiúnta na Fraince

Úsáidtear an leagan Gaeilge dá ainm Seoirse Pluincéad uaireanta chomh maith.

Tús a shaoil cuir in eagar

 
Seosamh Máire Pluincéad, a mhac

Rugadh Pluincéad i mBaile Átha Cliath, mac le tógálaí Pat Plunkett. Fuair sé a chuid oideachais i gClongowes Wood agus Coláiste na Tríonóide, agus chaith sé tamall ag déanamh staidéir thar lear freisin, i Nice san Fhrainc agus san Iodáil.

Rinne an Pápa Leo XIII cunta pápach de sa bhliain 1884, mar gheall ar an dian-obair a rinne sé don phápacht. Chuir Pluincéad bun leis an iris Hibernia, agus é féin ina eagarthóir air. File a bhí ann chomh maith, agus d'fhoilsigh sé a chéad bailiúchán "God's Chosen Festival" sa bhliain 1877.

Glaodh chun an bharra é sa bhliain 1878, ach dhiúltaigh sé é. Ina áit, thosaigh sé ag forbairt slí bheatha dó féin san ealaíon, litríocht agus cultúr. Na poist a bhí aige ná Stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann (1907 - 1916), Leas-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann (1908 - 1909, 1911 - 1914) agus Uachtarán ar Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Cuireadh Pluincéad amach as an gCumann mar gheall ar an pháirt a ghlac a mhac san Éirí Amach na Cásca.

 
Eamon de Valera agus Plunkett (sa chúlra), 1922

Polaitíocht cuir in eagar

Chomh maith lena mhac Seosamh, bhí an bheirt mhac eile aige George agus Seán gafa sa ghluaiseacht freisin, agus is móide gur chuir Seosamh a athair faoi mhionn an IRB am éigean roimh a bhás. Ba é bás Sheosamh tar éis an Éirí Amach a thug an spreag do Phluincéad dul isteach sa pholaitíocht.

Ba bhall den pháirtí Sinn Féin é. Toghadh é ina theachta don dáilcheantar Ros Comáin Thuaidh san olltoghchán ar an 5 Feabhra 1917. Cuireadh a mhac, Seosamh, chun báis i ndiaidh Éirí Amach na Cásca cúpla mí cheana. Seo an chéad uair a chuirfear crua mar is ceart ar Shinn Féin. Fuair Pluincéid 3,022 vóta i gcomórtas leis an 1,708 vóta a caitheadh ar son iarrthóir Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann agus an 687 vóta a caitheadh ar son Jasper Tully, neamhspleách[2].

Bhunaigh Plunkett agus a chomhghleacaithe an Chéad Dáil i dTeach an Ardmhéara ar 21 Eanáir, 1919. Roghnaíodh Plunkett ina Cheann Comhairle don chruinniú ar an lá ina dhiaidh sin, 22 Eanáir. Staon na teachtaí go leor amach ón rialtas i Westminster, Sasana

Chaith Plunkett an tréimhse idir 22 Eanáir 1919 agus 26 Lúnasa 1921 ina Aire Gnóthaí Eachtracha. Sa phost seo, chuaigh sé go Londain in éineacht le hÉamon de Valera chun labhairt le David Lloyd George i mí Iúil 1921.

Nuair a tháinig an Dara Dáil i bhfeidhm, tugadh an post Aire Mínealaíona dó. Níor aontaigh Pluincéad leis an gConradh Angla-Éireannach a bhí sínithe ag Mícheál Ó Coileáin, Art Ó Gríofa agus na daoine eile, nó an tSaorstát nua a chruthaíodh mar thoradh. Dá bharr sin, d'éirigh sé as an suíocháin a bhí aige i Ros Comáin. D'fhan sé mar bhall Shinn Féin, fiú tar éis na scoilte le Fianna Fáil.

Deireadh a shaoil cuir in eagar

Ghlac Pluincéad páirt i bhfothoghchán don dáilcheantar Gaillimh sa bhliain 1936, mar iomaí ó Cumann Poblachta na hÉireann agus Sinn Féin. Níor bhuaigh sé ach 2.12 faoin gcéad den vóta.

Clann cuir in eagar

Bhí sé pósta le Mary Josephine Cranny, agus bhí seachtar leanaí acu.

Fuair sé bás in Éirinn sa bhliain 1948, le sé mbliana is nócha bainte amach aige.

Tagairtí cuir in eagar