Riocard Bairéad

file Éireannach
(Athsheolta ó Riocard Baireád)

Ba fhile as Co. Mhaigh Eo é Riocard Bairéad a mhair  san 18ú haois (1740 –1819).[1][2] Léirítear fiáine an cheantair arbh as don fhile – Iorras, Co. Mhaigh Eo – ina chuid filíochta. 

Infotaula de personaRiocard Bairéad
Beathaisnéis
Breith1740
Bás1819
78/79 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file, cumadóir amhrán Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de

Chaith sé seal ag múineadh, ach d'éirigh sé as agus chuaigh chun cónaithe ar fheirm bheag. Ba Chaitliceach é. Phós sé dhá uair; ceann amháin ina Phrotastúnach, rud a bhí neamhghnách ag an am.

Ba bhall de na hÉireannaigh Aontaithe é. Ghlac sé páirt san Éirí Amach i 1798 agus chaith seal i bpríosún.

I measc na ndánta a chum sé tá "Preab san Ól" agus "Eoghan Cóir".

Cailleadh sa bhliain 1819 é (8 nó 18 Nollaig).

Eolas cuir in eagar

  • Nicholas Williams, ed., Riocard Bairéad: amhráin (Dublin: An Clóchomhar, 1978)
  • Éigse: a journal of Irish studies 16/3 (1976) Ó Concheanainn (Tomás), (Editor), National University of Ireland, Vol. 16, pp. 171–250.
  • Beiner, Guy (2004) 'Who were "the Men of the West"? Folk historiographies and the reconstruction of democratic histories', Folklore, 115:2, 201-221
  • Dunne, Tom (1998), '"Subaltern Voices?" Poetry in Irish, Popular Insurgency and the 1798 Rebellion', Eighteenth-Century Life - Volume 22, Number 3, November 1998, pp. 31–44, Duke University Press

Tagairtí cuir in eagar