Robert O'Hara Burke
Ba thaiscéalaí Éireannach é Robert O'Hara Burke (6 Bealtaine 1820 – 28 Meitheamh 1861), an chéad fhear bán a thaistil trasna mhórthír na hAstráile.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Bealtaine 1821 Contae na Gaillimhe |
Bás | 28 Meitheamh 1861 40 bliana d'aois Cooper Creek, South Australia |
Áit adhlactha | Melbourne General Cemetery (en) 37° 47′ 30″ S, 144° 57′ 49″ E / 37.791681°S,144.963639°E |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamh Ríoga Míleata, Woolwich |
Gníomhaíocht | |
Gairm | taiscéalaí, póilíní |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Athair | James Hardiman Burke agus Anne O'Hara |
Gradam a fuarthas
| |
Cé gur éirigh le O'Hara Burke agus William Wills taistil trasna mhórthír na hAstráile, cailleadh iad ar an turas ar ais.[1]
Tús a shaoil
cuir in eagarRugadh O'Hara Burke i gContae na Gaillimhe agus tógadh é in oirthear na Gaillimhe.
An Turas
cuir in eagarAr an 20 Lúnasa 1860 d'imigh Robert O'Hara Burke agus William Wills ó Mhelbourne chun siúl trasna na hAstráile, an chéad turas a dhéanfadh Eorpaigh. Ócáid cheiliúrtha ba ea í ... tháinig 20,000 duine i Melbourne amach chun breathnú orthu ar an lá sin.
Ceapadh an Búrcach de bharr go raibh aithne aige ar na daoine cearta ar Chumann Ríoga Victoria agus go raibh an cúlra ceart aige: tógáil uasal agus traenáil mhíleata[2]. Is tuairimí na saineolaithe nach raibh an cháilíocht chuí ag Burke le bheith i gceannas ar an taiscéalaíocht.
I mbaile Menindee, rinne an Búrcach cinneadh tubaisteach : an grúpa a bhí aige a scoilt. Shroich Coopers an abhainn Flinders (Normanton inniu), ach i bhfad suas ón inbhear, ar an 9 Feabhra 1861.
D'fhill siad ar ais ansin go Coopers Creek. Bhain siad an áit seo amach naoi n-uaire ró dhéanach le haghaidh tarrthála, ar an 21 Aibreán 1861. D'fhan an Búrcach agus a chairde ann agus fuair siad bás leis an ocras.
Clár TG4
cuir in eagarCraoladh an tsraith ‘Craiceann Geal – Croí Marbh’ ar TG4. Leanann TG4 an turas taiscéalaíochta a rinne O’Hara Burke ó chósta go cósta na mór roinne thiar sa bhliain 1860. Léitear sleachta as dialann an Bhúrcaigh, as na litreacha a scríobh sé agus as an óráid a thug sé i Melbourne sular thosaigh sé ar a thuras.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Rinne TG4 clár faoi, “Craiceann Geal, Croí Marbh”
- ↑ https://tinteanmagazine.files.wordpress.com/2012/08/tintean_200908_lrnb.pdf