Rory McIlroy
Galfaire gairmiúil é Rory McIlroy as Tuaisceart Éireann.
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 4 Bealtaine 1989 35 bliana d'aois Ard Mhic Nasca, Northern Ireland | ||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Sullivan Upper School (en) | ||||||||||||||||
Áit chónaithe | Contae an Dúin | ||||||||||||||||
Meáchan | 73 kg | ||||||||||||||||
Airde | 177 cm | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Suíomh oibre | Tuaisceart Éireann | ||||||||||||||||
Gairm | galfaire | ||||||||||||||||
Tréimhse oibre | 2007 – | ||||||||||||||||
Teangacha | Béarla | ||||||||||||||||
Tír spóirt | Éire | ||||||||||||||||
Spórt | galf | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Ghlac sé/sí páirt i | |||||||||||||||||
2021 | golf at the 2020 Summer Olympics – men's individual (en) (4) | ||||||||||||||||
Teaghlach | |||||||||||||||||
Céile | Erica Stoll (2017–) | ||||||||||||||||
Páirtí | Caroline Wozniacki (2011–2014) | ||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | |||||||||||||||||
Ainmnithe do
| |||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | rorymcilroy.com | ||||||||||||||||
Cúlra
cuir in eagarIs as Ard Mhic Nasca i gContae an Dúin é McIlroy ó dhúchas.
Bhuaigh McIlroy Craobh an Domhain faoi bhun deich mbliana d’aois in Miami.
Bhain McIlroy an chéad áit amach san World Amateur Golf Ranking ar feadh seachtain amháin, nuair a bhí sé 17 mbliana d'aois, sa bhliain 2007.
Gairm
cuir in eagarD'imir McElroy a chéad chluiche gairmiúil agus é 17 mbliana d'aois ar 18 Meán Fómhair 2007.
Níos déanaí, sa bhliain chéanna, chuaigh McIlroy leis an spórt ar bhonn gairmiúil. Bhuaigh sé a chéad duais amach ar an Turas Eorpach sa bhliain 2009, agus ar an Turas PGA sa bhliain 2010.
Bhí sé ina ionadaí ar son na hEorpa sa Chorn Ryder. Bhí McIlroy ar fhoireann na hEorpa a bhuaigh Corn Ryder trí huaire i ndiaidh a chéile: 2010, 2012 agus 2014.
Bhuaigh McIlroy Comórtas Oscailte Mheiriceá sa bhliain 2011 agus é ocht mbuille chun tosaigh.
Bhuaigh McIlroy an Wells Fargo Championship i Charlotte i North Carolina i Meiriceá ar an 11/12 Bealtaine 2024. Bhí Séamus Power sa séú háit déag agus Shane Lowry sa seachtú háit is daichead.[1]
Saol
cuir in eagarThosaigh McIlroy eagraíocht charthanachta The Rory Foundation. Cabhraíonn an eagraíocht le páistí ar fud an domhain atá tinn nó bocht nó ag fulaingt. Chuir McIlroy airgead ar fáil le hionad saoire a thógáil i gContae an Dúin do pháistí atá ag fulaingt de bharr ailse.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ELeathanach 468, 13 Bealtaine 2024
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |