Rosie Hackett
ceardchumannaí Éireannach
Réabhlóidí agus ceardchumannaí Éireannach ab ea Rosanna "Rosie" Hackett (Gaeilge: Róise Haicéad,[1] 25 Iúil 1893 – 4 Bealtaine 1976).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Iúil 1893 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 4 Bealtaine 1976 82 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceardchumannaí, eagraí, printéir |
Bunbhall ar Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann a bhí inti, a thacaigh go mór le stailceoirí Bhaile Átha Cliath le linn Fhrithdhúnadh 1913. Sa bhliain 1916, chuaigh sí isteach sa bhearna baoil arís san Éirí Amach agus í ina ball d'Arm Cathartha na hÉireann.
Sa bhliain 2014, ainmníodh droichead nua in ómós di ina baile dúchais, mar aitheantas ar an méid a bhain sí amach lena linn.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Droichead Róise Haicéid/Rosie Hackett Bridge | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-05-07.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |