Ruaidhrí Ó Mórdha

ar dhuine de na ceithre phríomh-eagraí ar Éirí Amach na hÉireann 1641 .

Ba úinéir talún Éireannach é Ruaidhrí Ó Mórdha (c. 1600 – 16 Feabhra 1655), agus is duine mór le rá é as a bheith ar dhuine de na ceithre phríomh-eagraí ar Éirí Amach na hÉireann 1641.

Infotaula de personaRuaidhrí Ó Mórdha
Beathaisnéis
Breith1600
Bás16 Feabhra 1655
54/55 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmceannaire míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
Céim mhíleataoifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteÁine Ní Mhórdha Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol

cuir in eagar

Bhain Ó Mórdha le teaghlach uasal ársa Éireannach a shíolraigh ó Chonall Cernach. Rugadh é i Laois timpeall na bliana 1600, nó níos dóichí i mBéal an Átha, eastát a athar i gContae Chill Dara, tuairim is 4km siar ó Dhroichead Baile Sheáin. Ba é Calbhach Ó Mórdha, mac leis an uasal Ruaidhrí Caoch Ó Mórdha, a athair, agus ba í Maighréad Scurlock (Sherlock) a mháthair.[1]

Throid uncail Uí Mhórdha, Ruaidhrí Óg Ó Mórdha, Tiarna Laoise, in aghaidh na Sasanach le linn Choncas na dTúdarach ar Éirinn. Sa bhliain 1556, choigistigh an bhanríon Mháire tailte Chlann Uí Mhórdha agus chruthaigh sí "Queen's County" (Contae Laoise an lae inniu). Dhúnmharaigh na Sasanaigh breis is 180 ball teaghlaigh, a bhí síochánta agus nár ghlac páirt ar bith in aon éirí amach, in éineacht le beagnach gach uile cheannaire Laoise agus Uíbh Fhailí, ag féasta i Mullach Maistean, Co. Chill Dara sa bhliain 1577. Cuireadh tóir ar Ruaidhrí Óg agus a bhean Maighréad Uí Bhroin, deirfiúr Fhiach mac Aodha Ó Broin, agus maraíodh iad go luath ina dhiaidh sin. Ba é an toradh a bhí air seo ná titim polaitiúil chlann Uí Mhórdha; tugadh a n-eastáit i Laois do lonnaitheoirí Sasanacha.

I gcodarsnacht leis sin, sa bhliain 1574 bhronn Eilís I eastát ar Chalbhach Ó Mórdha, athair Ruaidhrí Óg agus dlíodóir, ag Béal an Átha. Dhíol a shliocht é in 1961, agus is óstán é a bhfuil an-tóir air anois.[2]

Ceannaire ar Éirí Amach 1641

cuir in eagar

I bhfianaise na gcúiseanna a bhí leis an éirí amach agus laige na Corónach le linn Chogaí na nEaspag sa bhliain 1641, bheartaigh Ó Mórdha coup gan fuil chun rialtas Shasana in Éirinn a threascairt. In éineacht le Conchúr Mag Uidhir, 2ú Barún Inis Ceithleann, bhí sé ar intinn aige Caisleán Bhaile Átha Cliath, a bhí i seilbh garastún beag, a urghabháil ar 23 Deireadh Fómhair 1641. Ghabhfadh Comhghuaillithe i gCúige Uladh faoi cheannas Fhéilim Uí Néill dúin agus bailte ann. Ghlacfadh na ceannairí le rialú a dtíre féin agus leis an bhforáil seo thairgfidís dílseacht don Rí Séarlas. Sceitheadh orthu, agus thángthas ar an bplean an 22 Deireadh Fómhair agus theip ar an éirí amach ina chéad chuspóir.[3] Bhí rath éigin ar Ó Néill, agus d'éirigh le hÓ Mórdha comhghuaillíocht a chruthú go tapa idir clanna Gaelacha Uladh agus na Sean-Ghaill i gCúige Laighean.

I mí na Samhna 1641 tháinig fórsaí na hÉireann léigear Dhroichead Átha agus fórsa ríogach ó thuaidh ó Bhaile Átha Cliath chun cur ina gcoinne. Bhí Ó Mórdha ar dhuine de cheannairí arm na reibiliúnach a d'idircheap agus a bhris an fórsa fóirithinte ag Cath Bhaile Iúl ar an 29 Samhain.[4]

I gCogaí na Comhdhála Éireannaí dár gcionn, éacht mór a rinne Ó Mórdha ná Eoghan Rua Ó Néill a earcú ó sheirbhís na Spáinne sa bhliain 1642. Bhí sé i gceannas ar fhórsaí na Comhdhála, san áit a bhfuil Contae Laoise agus Contae Uíbh Fhailí anois ann, a d'fhan síochánta, agus chuidigh sé le comhghuaillíochtaí a shocrú le Murchadh Ó Briain i 1647 agus Séamus de Buitléir i 1648. Theip ar an gcomhghuaillíocht ní ba mhó seo áfach, stop a chur le hionradh Chromail ar Éirinn inar bhásaigh tuairim is trian de dhaonra na hÉireann.

Scríobh an staraí Éireannach Charles Gavan Duffy:

Then a private gentleman, with no resources beyond his intellect and his courage, this Rory, when Ireland was weakened by defeat and confiscation, and guarded with a jealous care constantly increasing in strictness and severity, conceived the vast design of rescuing the country from England, and even accomplished it; for, in three years, England did not retain a city in Ireland but Dublin and Drogheda, and for eight years the land was possessed and the supreme authority exercised by the Confederation created by O'Moore. History contains no stricter instance of the influence of an individual mind.

[5]

Blianta deiridh

cuir in eagar

Scríobh an tEaspag Michael Comerford, tar éis na treascartha ag Cath Chill Rois in Aibreán 1642, go ndeachaigh Ó Mórdha ar scor agus go bhfuair sé bás i gcathair Chill Chainnigh i ngeimhreadh na bliana 1642-43, tar éis dó Cónaidhm Chaitliceach na hÉireann a chomhbhunú ann cúpla mí roimhe sin. Tugann sé seo neamhaird ar a theagmhálacha le Murchadh Ó Briain agus Séamus de Buitléir sa bhliain 1647-48, áfach. Deir daoine eile gur theith sé go hInis Bó Finne, tar éis do chathair na Gaillimhe titim sa bhliain 1652. Bhí táibléad ag Eaglais Naomh Colmán ar an oileán tráth a raibh an inscríbhinn air:

In memory of many valiant Irishmen who were exiled to this Holy Island and in particular Rory O'More a brave chieftain of Leix, who after fighting for Faith and Fatherland, disguised as a fisherman escaped from his island to a place of safety. He died shortly afterwards, a martyr to his Religion and his County, about 1653. He was esteemed and loved by his countrymen, who celebrated his many deeds of valour and kindness in their songs and reverenced his memory, so that it was a common expression among them; "God and Our Lady be our help and Rory O'More".

Luaigh Comerford staraithe níos luaithe a thug le fios gur "Our trust is in God and Our Lady, and Rory O'More" na focail bheachta a dúradh.[6]

Léiriú sa scannán

cuir in eagar

Leag an scannán Rory O'More, a rinne an Comhlacht Kalem Company sa bhliain 1911, faoi stiúir Sidney Olcott agus Robert G. Vignola, éirí amach Uí Mhordha sa bhliain 1798 seachas an 17ú haois, agus bhog sé an t-aicsean go Lochanna Chill Airne. Léirigh Jack J. Clark Ó Mórdha sa scannán.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. More O'Ferrall of Balyna, Co. Kildare”. Turtle Bunbury. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-12-11. Dáta rochtana: 10 September 2021.
  2. Balyna House | Country House Wedding Venue Kildare”.
  3. [Sir Rory O'Moore]”. Ricorso.net. Dáta rochtana: 10 September 2021.
  4. Bagwell 1895.
  5. Charles Gavan Duffy (editor). 1845. The Ballad Poetry of Ireland
  6. "Attempts to establish the Prot. Reformation in Ireland", p.182; Sir H. Parnell, "Penal Laws", p. 113