Tugtar ruaigeanna Stokes-Adams nó siondróm Stokes-Adams ar an riocht seo; ruaigeanna gairide tobanna neamhbhraite a dtugtar "sioncóipisí" orthu. Tarlaíonn siad de bharr stad tobann neamhbhuan i mbualadh an chroí (a dtugtar "easpa siostóil" air) nó mí-ord sa rithim mar fhibriliú méadailíneach. Ní bhíonn cuisle ag an othar, agus é an-mhílítheach. Nuair a thagann sé chuige féin deargann a aghaidh, ach féadfaidh trithí a tharlú dó, fiú bás. Ainmnithe as Robert Adams is William Stokes.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.