Séipéal Iolaird
Tá an séipéal ársa in Iolard lonnaithe ar thaobh chnoic atá suite os cionn ghleann Abhainn na Bearú, le radhairc soir go Stua Laighean. Tá baint ag an séipéal le Naomh Fiachra, a rinne deasghnátha an bháis, deirtear, do Naomh Comhghall as Beannchar, Contae an Dúin. De réir fhoinsí ársa áirithe b’ionann Naomh Fiachra agus díthreabhach darbh ainm Fiacre a raibh a chultas lonnaithe i Meaux na Fraince, ach tugann taighde le déanaí le tuiscint go bhfuil amhras faoi seo. Ag an suíomh tá séipéal Rómhánúil le breiseanna meánaoiseacha, agus ardchros. Tógadh an séipéal atá ann faoi láthair sa 12ú haois, agus cuireadh breisithe leis níos déanaí.[1] Is í an phríomhghné ná an doras Rómhánúil ar a bhfuil dhá ord seachtracha de cholúin chruinne le cinn snoite ar na mullaigh. Go hard ar an mbinn thiar tá fuinneog le cloch os a cionn ar a bhfuil dhá fhigiúr snoite. Chaith dhá fhuinneog bheaga ar an mballa theas solas ar chorp an tséipéil freisin. Leagadh an saingeal ón 12ú haois le saingeal nua a thógáil sa 15ú haois. Bhain áirse rinneach ard an tsaingil athúsáid as cuid de na clocha ó áirse an 12ú haois. Am éigin ina dhiaidh sin líonadh cuid d’áirse an 15ú céid isteach agus tógadh áirse saingil níos lú. Sa saingeal tá piscina agus suíocháin mheánaoiseacha. Gné choiteann de shéipéil na hÉireann sa ré seo is ea an boghta faoi shaingeal an tséipéil. Sa saingeal tá iarsmaí de staighre bíseach, a rinneadh le rochtain a thabhairt ar an díon, b’fhéidir.
Séipéal Iolaird | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Eaglais | |||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | Ailtireacht Rómhánúil | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chill Chainnigh, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 78 | |||
Ar an láthair seo freisin tá iarsmaí d’ardchros eibhir, atá athchóirithe, ach tá cuid den chos ar iarraidh. Tá fáinne dlúth ar cheann na croise. Ar aghaidh amháin de cheann na croise tá snoiteán den Chéasadh, agus léirithe ar Dháibhí ag seinm na cruite, Íobairt Íosác, agus Ádhamh agus Éabha le crann na n-úll mórthimpeall air. Taispeánann painéal ag bun na coise sé fhíor - b’fhéidir go léiríonn siad seo seisear de na haspail; tugann sé seo le tuiscint go raibh an seisear eile de na haspail ar an gcuid den chos atá ar iarraidh anois. Tá an bonn mór an-chaite, ach tá roinnt patrúin bhreátha chrosfhite agus eile ann fós.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "The 12th century church at Ullard, Co. Kilkenny | Irish Archaeology" (en-US). irisharchaeology.ie (2016-03-09). Dáta rochtana: 2021-10-10.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |