Is géineas é Sphagnum a bhfuil thart ar 380 speiceas caonach ann,[1][2] ar a dtugtar súsán, caonach móna, sfagnam, nó fionnmhóin go coitianta.[3] Is féidir le carnadh Sphagnum go leor uisce a stóráil laistigh dá gcealla, plandaí beo agus marbha araon; d'fhéadfadh planda amháin 16–26 uair níos mó uisce ná a mheáchan tirim a choinneáil, ag brath ar an speiceas.[4] Tá na cealla folmha in ann uisce a stóráil i gcoinníollacha níos tirime.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSúsán
Sphagnum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
AicmeSphagnopsida
OrdSphagnales
FineSphagnaceae
GéineasSphagnum Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochSphagnum palustre Cuir in eagar ar Wikidata

De réir mar a fhásann an súsán, féadann sé leathadh go mall go dtí limistéir níos tirime, próiseas a chruthaíonn portaigh ardaithe agus bratphortaigh.[5] Mar sin, is féidir le súsán tionchar a imirt ar ghnáthóga dá leithéid, agus déantar cur síos ar shúsán mar “láimhsitheoir gnáthóige”.[6] Ansin, soláthraíonn na carnthaí móna seo gnáthóg do raon leathan plandaí, mar shampla luachair agus toir eiriceacha, chomh maith le magairlíní agus plandaí feoiliteacha.[7][8]

Ní fheonn súsán ná an mhóin a thagann uaidh go héasca mar gheall ar na comhdhúile feanólacha atá leabaithe i gcillbhallaí an tsúsáin. Ina theannta sin, forbraíonn portaigh, cosúil le gach bogach, coinníollacha ithreach anaeróbacha, rud a tháirgeann lobhadh anaeróbach atá níos moille ná lobhadh aeróbach. Is féidir le súsán a thimpeallacht a aigéadú freisin trí ghlacadh le caitiain, mar shampla cailciam agus maignéisiam, agus trí iain hidrigine a scaoileadh.

Faoi na coinníollacha cearta, is féidir le móin a charnadh go leor méadar ar doimhneacht. Glacann speicis éagsúla Sphagnum le leibhéil éagsúla tuilte agus pH, agus faightear roinnt speiceas éagsúil i bportach amháin.[9][7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Dierk Michaelis (2019): The Sphagnum Species of the World (Sphagnum bible: keys for all peat moss species by continents, and Sphagnum species lists for 20 phytogeographic regions of the world)”. Schweizerbart (21 Samhain 2019).
  2. Sphagnum on theplantlist”. Theplantlist.org. Dáta rochtana: 17 Meán Fómhair 2016.
  3. “Sphagnum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-12.
  4. Bold, H. C. 1967. Morphology of Plants. 2ú heagrán. Harper and Row, Nua-Eabhrac. lgh. 225-229.
  5. Gorham E. (1957). "The development of peatlands". Quarterly Review of Biology 32 (2): 145–66. doi:10.1086/401755. 
  6. Walker, M. D. 2019. Sphagnum: the biology of a habitat manipulator. Sicklebrook Publishing, Sheffield, U.K.
  7. 7.0 7.1 O'Neill (25 February 2020). "Establishing Ecological Baselines Around a Temperate Himalayan Peatland". Wetlands Ecology & Management 28 (2): 375–388. doi:10.1007/s11273-020-09710-7. 
  8. Keddy, P. A. (2010). Wetland Ecology: Principles and Conservation (2nd edition). Cambridge University Press, Cambridge, UK. 397 pp.
  9. Vitt D. H., Slack N. G. (1984). "Niche diversification of Sphagnum relative to environmental factors in northern Minnesota peatlands". Canadian Journal of Botany 62 (7): 1409–30. doi:10.1139/b84-192.