Línéar paisinéirí trasatlantach ab ea an SS Athenia, a tógadh i nGlaschú sa bhliain 1922.

Bosca Sonraí SoitheachSS Athenia
LongchlósFairfield Shipbuilding and Engineering Company agus Baile a' Ghobhainn Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir a shanntar ag an longchlós596 Cuir in eagar ar Wikidata
Tír chlárúcháin
Saintréithe teicniúla
Cineállínéar farraige móire Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmelínéar farraige móire Cuir in eagar ar Wikidata
Díláithriú13580 tonna Cuir in eagar ar Wikidata
Fad160.4 m Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Comhartha glao
Kilo
K
November
N
Romeo
R
Tango
T
(Kilo-November-Romeo-Tango) Cuir in eagar ar Wikidata
CoimhlintAn Dara Cogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Daoine a tháinig slán as an tubaiste i nGaillimh, a bhí ar an long KNUTE NELSON

Tóin poill cuir in eagar

Ar an 3 Meán Fómhair 1939, ar an chéad oíche den chogaidh, cuireadh an long chúrsála go tóin poill nuair a bhuail toirpéad Gearmánach í amach ó chósta thiar thuaidh Dhún na nGall.[1] Scaoil fomhuireán toirpéad leis an Athenia sna huaireanta an chloig i ndiaidh don Bhreatain cogadh in aghaidh na Gearmáine a ghairm i 1939.

Bhuail toirpéad ón U-30 an Athenia ag 7:38 an tráthnóna céanna. Thóg sé go dtí a 11 ar maidin lá arna mháireach don long dul faoi - a postaí ba túisce a báthadh. Tarrtháladh 1301;  maraíodh 117, arbh Meiriceánaigh cuid mhór acu san eachtra. Tugadh na marthanóirí go Gaillimh.

 
Daoine a tháinig slán as an tubaiste ar bhád tarrthála agus ag dul ar an long City of Flint

Conspóid cuir in eagar

Bhí na Stáit Aontaithe neodrach ag an am. Mar sin, shéan an Ghearmáin go raibh aon bhaint acu leis an eachtra ar dtús, ar eagla go meallfaí an Meiriceánaigh sa chogadh ina n-aghaidh. Dúirt na Gearmánaigh fiú gur ordaigh Winston Churchill d'fhomhuireán na Breataine an Athenia a chur faoi ionas go gcuirfí brú ar Mheiriceá a ndílseacht a léiriú.[2] Tháinig an fhírinne chun solais áfach tráth ar tionóladh triaileacha Nurenberg.

 
Daoine a tháinig slán as an tubaiste i nGaillimh, a bhí ar an long KNUTE NELSON

Meastar go ndearna scipéir an fhomhuireáin, Oberleutnant Fritz Julius Lemp botún, nuair a cheap sé gur long chabhlaigh a bhí san Athenia seachas long phaisinéirí. Níos déanaí, d’ionsaigh an fomhuireán U-30, faoi stiúir Lemp, an SS Fanad.[3]

Sa bhliain 2017, fuair an SS Athenia ar ghrinneall na farraige amach ó chósta Dhún na nGall, báite 200m faoi thoin ar an Rocal.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2017-10-05). "Long paisinéara an Athenia aimsithe ar ghrinneall Rocal" (as ga). 
  2. Bhí Churchill ceaptha ar an lá céanna - an 3ú Meán Fómhair 1939 ina Chéad Tiarna na hAimiléarachta.
  3. "SS Fanad Head" (as en) (2020-03-20). Wikipedia.