Saguenay, Québec
Cathair in oirthear chúige Québec, i gCeanada is ea Saguenay. Tá an chathair suite ar an Abhainn Saguenay, isteach is amach le 200 ciliméadar (120 míle slí) ó thuaidh ó Chathair Québec. Bunaíodh Saguenay ar 18 Feabhra 2002 nuair a cuireadh cathracha Chicoutimi, Jonquière, La Baie et Laterrière le chéile.
Saguenay, Québec | ||||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Abhainn Saguenay | |||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Ceanada | |||
Cúige Cheanada | Québec | |||
Réigiún riaracháin in Québec | Saguenay–Lac-Saint-Jean | |||
Príomhchathair de | ||||
Daonra | ||||
Iomlán | 144,723 (2021) | |||
• Dlús | 127.4 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 1,136 km² | |||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Saguenay | |||
Airde | 166 m | |||
Ar theorainn le | ||||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 18 Feabhra 2002 | |||
Eagraíocht pholaitiúil | ||||
• Ceannaire an rialtais | Julie Dufour (2021–) | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | ville.saguenay.ca | |||
Tá 143,692 duine ina gcónaí i Saguenay. Tá an Fhraincis ó dhúchas ag 98.1% den daonra, Béarla ag 0.9%. Is Caitlicigh iad tromlach na ndaoine (96.1%). Is é Jean Tremblay méara na cathrach. Méara ar Chicoutimi a bhí ann sular cuireadh cathair Saguenay le chéile.
Tá cuid mhór den gheilleagar bunaithe ar shaothrú acmhainní nádúrtha, go mór mór páipéar (ag an gcomhlacht Abitibi-Consolidated) agus alúmanam (Alcan). Tá roinnt stáisiúin chumhachta ann a bhaineann féidhm as an gcumhacht uisce sa cheantar. Is é Saguenay an chathair is faide ó thuaidh in oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh agus, go deimhin, stadann an bóthar chun an tuaiscirt giota beag taobh ó thuaidh ón gcathair féin.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- (fr) Ville de Saguenay Curtha i gcartlann 2011-02-08 ar an Wayback Machine
- Suíomh oifigiúil Saguenay i mBéarla (teoranta) Curtha i gcartlann 2011-05-14 ar an Wayback Machine
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |