Scannal Renewable Heat Incentives (Tuaisceart Éireann, 2017)

Bhris an scannal "Renewable Heat Incentives" (RHI) (Dreasachtaí Teasa In-athnuaite) amach i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2017, scéim fuinnimh nach raibh srian ar bith ar chaiteachas uirthi.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal Renewable Heat Incentives
Cineálscannal polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhTuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata


Bhunaigh Arlene Foster (níos déanaí, ceannaire an DUP) an scéim nuair a bhí sí ina hAire Fiontair.[2]

Áiríodh go mbeadh róchaiteachas 700 milliún punt air thar thréimhse 20 bliain mar nár cuireadh rialú costas ar bith i bhfeidhm. Dhiúltaigh Arlene Foster seasamh i leataobh fad is a bheadh conas mar a deineadh praiseach den ghnó á fhiosrú.[2]

Arlene Foster, 2012

Nuair a bhris achrann amach idir baill an DUP, chinn Sinn Féin nach seasfaidís le Foster a thuilleadh; shiúil Sinn Féin amach as Stormont agus ordaíodh fiosrú poiblí.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Póilín Ní Chiaráin (Aibreán 2021). "Slán le Arlene – tréimhse chinniúnach romhainn ina diaidh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-11.
  2. 2.0 2.1 Póilín Ní Chiaráin (Nollaig 2017). "Gluaiseacht na Gaeilge ina dúiseacht ach Stormont faoi shuan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-11.