Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba

páirtí polaitiúil na hAlban
(Athsheolta ó Scottish National Party)

Is páirtí polaitíochta Albanach é Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba (Gaeilge: Páirtí Náisiúnta na hAlban, Béarla: The Scottish National PartySNP; Albainis: Scottis Naitional Pairtie) atá lonnaithe sa lár-chlé ar speictream na polaitíochta, chomh maith le bheith sóisialta-daonlathach ón taobh eacnamaíochta, agus stocaireacht a dhéanamh ar son neamhspleáchas na hAlban ón Ríocht Aontaithe.

Bosca Sonraí EagraíochtaPàrtaidh Nàiseanta na h-Alba
Sonraí
Ainm gearrSNP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaNeamhspleáchas na hAlban
náisiúnachas na hAlban
daonlathas sóisialach
Eorpachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar chlé ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Téann in áitPáirtí Náisiúnta na hAlban
Scottish Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh7 Aibreán 1934, Dún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deAn tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht72,186 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtJohn Swinney (2024–) Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://www.snp.org/
Twitter: theSNP Cuir in eagar ar Wikidata

Mar a bhí ar 13ú Mí Iúil 2024, tá Páirtí Náisiúnta na hAlban i rialtas mionlach na hAlban. Is é ceannaire an SNP, John Swinney , atá ina Céad-Aire ar Albain.

Nicola Sturgeon, iar-ceannaire an pháirtí
 
Ghiollaigh an páirtí an feachtas ar son neamhspleáchais i Reifreann ar Neamhspleáchas na nAlban 2014
 
In Olltoghchán 2019, toghadh 45 ball den SNP chuig Teach na dTeachtaí as na 59 ball ar fad a dhéanann ionadaíocht ar son na hAlban

Ina 16 bliana i rialtas ó 2007, tá taifead ag an bpáirtí de mhaoiniú poiblí a chosaint agus a ardú[1], fad is go bhfuil roinnt gearrúcháin chánacha a thug rialtas na Ríochta Aontaithe isteach sa chuid eile den Ríocht a roghnaigh an páirtí gan a thabhairt isteach in Albain.

 
2021ː 64 suíochán ag an SNP as na 129 ceann atá i bParlaimint na hAlban[2]

I ndiaidh dóibh tromlach a bhaint amach i bParlaimint na hAlban sa bhliain 2011, d'iarr siad ar rialtas na Ríochta Aontaithe cead reifreann ar neamhspleáchas na hAlban a rith.[3] Ghiollaigh an páirtí an feachtas ar son an neamhspleáchais; faoi dheireadh, chaill siad an reifreann ar 18 Meán Fómhair 2014 agus 45% den vóta buaite acu.

Rinne an páirtí feachtas ar son 'fanacht' i reifreann Breatimeachta na bliana 2016, agus is é polasaí oifigiúil an páirtí gur cheart go mbeadh Albain neamhspleách ina ball den Aontas Eorpach.[4]

Ar 28ú Márta 2017, vótáil Parlaimint na hAlban (Páirtí Neamhspleáchas na hAlban agus Páirtí Glas na hAlban i bhfabhar ar an mbille) cead a iarraidh ó rialtas na Ríochta Aontaithe reifreann eile a reáchtáil ar an gceist chéanna.[5][6]

In Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, bhuaigh an páirtí 45 suíochán i dTeach na dTeachtaí (teach íochtarach Pharlaimint na Ríochta Aontaithe), as na 59 suíochán ar fad a bhí ar fáil in Albain. Chuir an toradh sin ar an dtríú páirtí ba mó i dTeach na dTeachtaí iad.

Toghchán Albanach 2021

cuir in eagar

129 suíochán a bhí le líonadh i bParlaimint na hAlban: bhuaigh an SNP 64 suíochán, fuair na Caomhaigh 31 suíochán agus 22 suíochán a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre. Ocht suíochán a bhí ag na Glasaigh agus ceithre cinn a bhí ag na Daonlathaithe Liobrálacha.[3]

Bhunaigh an SNP comhrialtas in éineacht leis an bPáirtí Glas.

Bhí an páirtí suíochán amháin gann ar thromlach iomlán i ndiaidh na vótála, ach idir fheisirí Pháirtí Náisiúnta na hAlban agus iad de chuid an Pháirtí Ghlais, bhí tromlach na bhfeisirí i dTeach an Róid i bhfabhar ar reifreann eile ar an neamhspleáchas. Dúirt Sturgeon gur léir gurbh é “toil na ndaoine” go mbeadh an dara reifreann faoin neamhspleáchas ann.

Cé gur glacadh leis gur deis aon uaire a bhí i reifreann neamhspleáchais na bliana 2014, maíonn an SNP inniu go bhfuil an Ríocht Aontaithe athraithe ó bhonn anois de bharr an Bhreatimeachta.[7] Vótáil 62% de phobal na hAlban in éadan an Bhreatimeachta. Táthar ag maíomh anois go mb’éigean dóibh an tAontas Eorpach a fhágáil in éadan a dtola.

Tá sé ráite arís is arís eile ag Rialtas na R-A nach gceadóidh sé reifreann eile ar ór ná airgead. Ach tá reifreann gan beannacht ó Westminster, nó gan údarás idirnáisiúnta, faoi mar a tharla sa Chatalóin, curtha as an áireamh ag an SNP.

Bhí cead á lorg ag an SNP chun reifreann a chlárú gan beannacht ó Westminster ó Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe, ach shocraigh an Chúirt Uachtarach sa bhliain 2022 go mbeadh an straitéis seo mídhleathach.[8] Dá bharr sin, dúirt an SNP go mbeidh an chéad toghchán eile sa Ríocht Aontaithe ina reifreann ‘de facto’ ar son neamhspleáchas na hAlban.[9]

Is féidir leis an SNP bille um reifreann a ritheadh fós i Holyrood (Taigh an Ròid) sna blianta beaga amach romhainn (faoi mar a tharla sa Chatalóin, gan rath). Ach ina dhiaidh sin bheadh orthu é a chosaint i ndúshláin chúirte, srl.[7]

Féach Freisin

cuir in eagar

Naisc Sheachtracha

cuir in eagar
  1. "Fact check: All 19 claims in the SNP's latest party political broadcast" (en-GB). The Ferret (2018-01-31). Dáta rochtana: 2018-10-25.
  2. "Scotland Election 2016 News - BBC News" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2021-09-20.
  3. 3.0 3.1 "Aisling an neamhspleáchais fós beo in Albain tar éis an toghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021). Dáta rochtana: 2021-09-20.
  4. "What is the SNP’s position on the EU? — Scottish National Party" (en-US). Scottish National Party (2015-11-25). Dáta rochtana: 2018-10-26.
  5. "Scottish independence referendum: final results in full" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2018-10-26.
  6. "Scottish Parliament backs referendum call" (en-GB). BBC News (2017-03-28). Dáta rochtana: 2018-10-26.
  7. 7.0 7.1 "Muintir na hAlban ag dul chun na botháin vótála ar lá cinniúnach don ‘neamhspleáchas’" (ga-IE). Tuairisc.ie (6 Bealtaine 2021). Dáta rochtana: 2021-09-20.
  8. "Court rejects Scottish government indyref2 case" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2022-11-24.
  9. "Next election will be independence vote - Nicola Sturgeon" (en-GB). BBC News (2022-11-23). Dáta rochtana: 2022-11-24.