Seán Ó Lúing

scríbhneoir Éireannach

Ba scríbhneoir Éireannach é Seán Ó Lúing, a rugadh i mBaile an Fhirtéirigh, Contae Chiarraí, sa bhliain 1917.[1][2] Fuair a chuig meánoideachais i gCill Airne agus rinne staidéar ar Laidin agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé tamall mar mhúinteoir agus bhí an stair ar cheann de na hábhair a mhúin sé. Mhéadaigh a spéis sa stair agus rinne sé taighde ar shaol chuid de thírghráthóirí móra na hÉireann, John Devoy, Ó Donnabháin Rosa, agus Art Ó Gríofa go háirithe. Foilsíodh na beathaisnéisí a scríobh sé fúthu seo, chomh maith le cuntas ar thréimhse a chaith sé ag obair sa Bhruiséal don Rannóg Aistriúcháin, áit a raibh sé ag obair tar éis dó éirí as an múinteoireacht. Fuair sé bás sa bhliain 2000.

Infotaula de personaSeán Ó Lúing
Beathaisnéis
Breith16 Bealtaine 1917
Baile an Fheirtéaraigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Feabhra 2000
82 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó LÚING, Seán (1917–2000) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-01-24. Dáta rochtana: 2009-05-29.