Seán McKiernan

ceoltóir traidisiúnta Éireannach

Is ceoltóir traidisiúnta Éireannach é Seán McKiernan. Seinneann sé an phíb uilleann.

Infotaula de personaSeán McKiernan
Beathaisnéis
Breith20 haois

Bostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCeolscoil Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
UirlisPíb mhála agus píoba uilleann

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh agus tógadh i mBostún é[1], i dteaghlach a raibh Gaeilge acu. Chuir sé suim sa gceol traidisiúnta ar dtús tríd an amhránaíocht, ansin an bosca ceoil, agus ar deireadh an phíb uilleann.

Tar éis dó bualadh le Leo Rowsome, cheannaigh sé ionstraim staidéir agus thosaigh sé ag foghlaim as a stuaim féin.

Tar éis a chuid staidéir, bhog sé go hÉirinn sa bhliain 1965. Chasadh sé le Willie Clancy go minic, ina bhaile i Sráid na Cathrach, in iarthar Chontae an Chláir), agus bhí Clancy ina chara agus ina mheantóir dó.

Sa bhliain 2010, bhronn TG4 an gradam Ceoltóir Traidisiúnta na Bliana air.[2]

Tá cónaí air anois i gCarna, Contae na Gaillimhe, agus i gCorcaigh, áit a múineann sé an pianó clasaiceach. Seinneann sé fós in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe, agus meastar gurb é duine de na píobairí uilleann is fearr ar domhan.

Dioscliosta cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar