Seán de Cúirse (Iarla Uladh)
Ba ridire Angla-Normannach é Seán de Cúirse (Fraincis na Normannach; De Courci ; 1160–1219) [1] a tháinig go hÉirinn sa bhliain 1176.[2] Ó shin go dtí gur díbraíodh é sa bhliain1204, chur sé críoch mhór faoi chois, bhronn sé maoin ar eagraíochtaí reiligiúnacha, thóg sé mainistreacha do na Benedictighigh agus do na Cistéirsigh agus thóg sé daingneáin i gCaisleán Dhún Droma i gContae an Dúin agus Caisleán Charraig Fhearghais i gContae Aontroma .[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1160 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 1219 (Féilire Ghréagóra) 58/59 bliana d'aois |
Tiarna | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | ridire |
Teaghlach | |
Céile | Affreca de Courcy |
Athair | William de Courcy |
Gairmréim luath in Éirinn
cuir in eagarMar chuid de theaghlach a ghlac a ainm ó Chourcy-sur-Dives i gCalvados, an Normainn tháinig Seán de Cúirse, ó Stoke Courcy, i Somerset, go hÉirinn timpeall na bliana 1171 mar chuid d'fhórsa ionraidh na Normannach. Tugadh iad isteach mar ghallóglaigh ag obair do Dhiarmaid Mac Murchadha, a chaill a ríocht i gCúige Laighean, chun cuidiú leis a chéim mar rí a fháil ar ais. Tá sin-seanathair de Cúirse, Risteard de Cúirse, ainmnithe sa Liber de Wintonia (nó Domesday Book) [4]
Phós a sheanathair, William de Cúirse I, Emma de Falaise. Phós a athair, William de Cúirse II, Avice de Copeland de Rumilly agus fuair sé bás faoi 1155, ag fágáil na n-eastát teaghlaigh i Somerset agus in áiteanna eile i Sasana chuig a mhac, William de Cúirse III, deartháir níos sine Sheáin.
Bhí Seán an-uaillmhianach agus bhí sé ag iarraidh tailte dó féin. Shocraigh sé ar ionradh a dhéanamh ar thuaisceart na hÉireann, a bhí á rialú ag ríshleachta Gaelacha. Go luath i mí Eanáir 1177 chuir sé arm beag le chéile de 22 ridire agus 300 saighdiúir coise agus mháirseáil sé ó thuaidh, ag ráta tríocha míle sa ló. Chuaigh siad ar chúl na Sléibhte Mhúrn agus d'ionsaí siad gan choinne Dún Dá Leathghlas (Dún Padraig na linne seo). Tar éis dhá chath fhíochmhar, i mí Feabhra agus i mí an Mheithimh 1177, bhris de Cúirse rí deireanach na nUltach, Ruaidhrí Mac Duinnshléibhe.
Rinne sé seo go léir gan cead an Rí Anraí II Shasana.
Tar éis dó oirthear Uladh a chloí, bhunaigh sé a caput i Carraig Fhearghais, áit ar thóg sé caisleán mór cloiche. Is iad mainistreacha agus caisleáin eile a thóg sé ná Mainistir na hInse agus Dún Droma. Phós sé Affrica Guðrøðardóttir, iníon Guðrøðr Óláfsson rí Mhanann agus na nOileán. Is dóchúil go raibh an pósadh, mar atá i gcás go leor ríthe agus iad siúd a bhí ag iarraidh a bheith ina ríthe sna laethanta sin, polaitiúil, chun comhghuaillíocht a dhéanamh le hathair a thug ómós do Rí na hIorua. Ní thaifeadtar go raibh aon leanaí ag John agus Affreca. Thóg Affrica mainistir ag An Mhainistir Liath, tiomanta do Mhuire Chuing Dé. Tá sí adhlactha ansin agus is féidir a dealbh, i gcloch, a fheiceáil fós.
Ginealas
cuir in eagarCrann teaghlaigh I
cuir in eagar________________________________________ | | | | Baudri an fuinneamh Gearmánach neacht Godfrey (?) de Brionn | | ________________________________________________________________________________________________ | | | | | | | | | | | | | | | | | | Iníonacha Nicholas Fulk Robert Richard Baudri Vigor de Bacqueville de Alnou de Courcy de Neville Bocquence de Apulia = Fulk of Bonneval eisiúint eisiúna = saincheist eisiúint Hebrea | | Richard = Wandelmode | __________________________ | | | | | | | Robert Richard William, a fuair bás c. 1130. = Rohesia de Grandesmil = Emma de Falise | | | | William Robert, a fuair bás c. 1151. | | de Courcy de Courcy na Fraince i Sasana agus in Éirinn
Crann teaghlaigh II
cuir in eagarSerlo de Burci Corbutonis de Falise =? = Línelíne | | | | _________________________________________ | | | | | | | | | | Martin = Geva de Burci = William de Falise Roger Gaufridus Galterus | | | | _____________________________ | | | | | | Robert fitz Martin Emma = William de Courcy Sibil = Baldwin de Bullers | ___________________________ | ______________ | | | | | | William, a fuair bás c. 1151. Robert Jordan = Avice de Rumelly =? | | | ____________________ | ___________ | | | | | | | | | | William Robert Richard John Jordan | | Baron Kingsale
- Díorthaithe ó Fhlóndras 2009, lgh. 177, 178, 180, 181.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "John de Courci" in Encyclopædia Britannica
- ↑ Liz Curtis (DEIREADH FÓMHAIR 2006). "Rian na Normannach ar Chontae an Dúin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-11-10.
- ↑ DeBreffny Castles of Ireland, pp. 104–105.
- ↑ read online
Foinsí
cuir in eagar- DeBreffny, Brian (1976). "The Churches and Abbeys of Ireland": 60–61. London: Thames & Hudson.
- DeBreffny, Brian (1977). "Castles of Ireland". London: Thames & Hudson.
- Duffy, Seán (2004). "Oxford Dictionary of National Biography". Oxford University Press. Dáta rochtana: 25 September 2007.
- Flanders, Steve (2009). "De Courcy: Anglo-Normans in Ireland, England and France in the eleventh and twelfth centuries". Four Courts Press.
- "Illustrated Dictionary of Irish History" (2001). Dublin: Gill and Macmillan.
- O'Laverty, James (1887). "An Historical Account of the Diocese of Down and Connor". Duffy & Sons.
- Teimpléad:EB1911