Shin Megami Tensei V

físchluiche a foilsíodh sa bhliain 2021

Is cluiche rólimeartha a tháinig amach sa mbliain 2021 é Shin Megami Tensei V, SMTV go gairid. Is iontráil nua é sa tsraith Shin Megami Tensei, mac-shraith de chuid Megami Tensei. Cuireadh amach é ar Nintendo Switch. Tá sé deartha mar mheascán de Shin Megami Tensei III agus Shin Megami Tensei IV, agus beidh meicnic imeartha mar "chomhleá" agus "tógáil" na ndeamhan ag filleadh.

Shin Megami Tensei V

Foilsiú
11 Samhain 2021 (an tSeapáin)
12 Samhain 2021 (domhanda) Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrafíschluiche rólimeartha agus físchluiche iar-apacailipteach
Ceadúnasceadúnas dílsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ar fáil sa
Saintréithe teicniúla
ArdánNintendo Switch
InneallUnreal Engine 4
Modhannafíschluiche d'imreoir aonair
Formáidíoslódáil digiteach, dáileadh digiteach agus cartús ROM
Gléas ionchuirceap stiúrtha
Foireann
Forbróir(í)Atlus
EagarthóirAtlus (an tSeapáin)
Sega (Meiriceá Thuaidh, Hong Cong, an Téaváin, an Chóiré Theas)
Nintendo (An Eoraip, An Aigéine) Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirNintendo eShop (en) Aistrigh
Cáilíochtaí
ESRB
enllaç=d:Q14864331

Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáinatlus.com… (Béarla Meiriceánach) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt6671502 Youtube: UCIkrwVNdmzzlEvQGr9mS5tw Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith: Megami Tensei Cuir in eagar ar Wikidata

Forbhreathnú cuir in eagar

Is cluiche rólimeartha é Shin Megami Tensei V. Tá sé suite i dTóiceó an lae inniu.[1] Beidh eilimintí imeartha ann ó chluichí Shin Megami Tensei roimhe seo, agus meicnic nua leis.[2]

Forbairt cuir in eagar

Shin Megami Tensei V á fhorbairt ag Atlus, agus is é Kazuyuki Yamai an léirtheóir.[3] Ceann de chuspóirí an chluiche is ea “tréithe na linne” a léiriú, mar shampla dífhostaíocht, míshuaimhneas fé scor, sceimhlitheoireacht, airm núicléacha, agus fadhbanna sa mbaile. Déantar forbairt ag baint úsáid as an inneall cluiche Unreal Engine 4.[4] De réir Yamai, d’athraigh Unreal Engine 4 an bealach a chruthaíonn siad cluichí, toisc go gceadaíonn sé rud a chruthú agus é a fheiceáil sa chluiche láithreach ina dhiaidh sin. Tugann an bealach seo níos mó ama dóibh chun triail a bhaint as a gcuid smaointe. Piocadh an Nintendo Switch toisc gur thaitin an smaoineamh "cluichí HD ar chonsól iniompartha", le Yamai. Cé go raibh roinnt dúshlán ann ós rud é gurb é Shin Megami Tensei V an chéad chluiche a d’fhorbair Atlus don chonsól.[5] Tá forbairt na ndeamhan sa chluiche seo níos mine ná mar a bhí sna cluichí níos sine, a bhuí le crua-earraí níos fearr sa Nintendo Switch. I gcomparáid le forbairt na ndeamhan sna cluichí eile, tá a thrí fhad ann.[6]

Nochtadh an cluiche in Eanáir 2017 mar chuid de nochtadh an Nintendo Switch, i bhfoirm tréiléar teaser. [7] San am sin, bhí an fhorbairt díreach tosaithe, agus cuireadh an cluiche i láthair mar Shin Megami Tensei: Brand New Title.[8] Cuireadh an t-ainm Shin Megami Tensei V air i mí Dheireadh Fómhair na bliana céanna, i gcomhthráth le comóradh 25 bliain bhunaidh Shin Megami Tensei. Chomh maith leis sin, cuireadh tréiléar nua amach, a thaispeánann stáisiún traenach Tóiceo nua-aimseartha agus radharc cathrach iar-apacailipteach. Fé mhí Feabhra 2018, dúirt Yamai go raibh an cluiche i “lán-fhorbairt”, agus bhí níos mó oibrithe Atlus ag teacht isteach sa bhforbairt. Cuireadh amach an nuacht i mí na Samhna 2017 go mbeidh eisiúint idirnáisiúnta ag an gcluiche.[9] I mí Iúil 2020, taispeánadh tréiléar i bhfíseán Nintendo Direct, ag fógairt eisiúint 2021 ar fud an domhain ag an am céanna.[10]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Nintendo Switch用RPG『真・女神転生V』発表。本作のティザートレーラーが公開" (Seapáinis). Dengeki Online. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-08.
  2. "Shin Megami Tensei V Is Being Made To Sympathize With The World's Current Troubles" (Béarla). Siliconera. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-24.
  3. "Atlus On Why Shin Megami Tensei V Is A Nintendo Switch Game" (Béarla). Kotaku. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-26.
  4. "Shin Megami Tensei is headed to Nintendo Switch" (Béarla). Polygon. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-01.
  5. "Atlus brand manager discusses Joker in Super Smash Bros. Ultimate, potential of Persona 3 and 4 remasters, more" (Béarla). Gematsu. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-05.
  6. "「真・女神転生V」の成功祈願に参列。プロデューサーの山井一千氏に,通称"お払い"で知られる恒例行事とナンバリング最新作について聞いた" (Seapáinis). 4Gamer.net. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-02-19.
  7. "Nintendo Switch's Shin Megami Tensei Revealed As SMT 5 In New Trailer" (Béarla). GameSpot. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-01-02.
  8. "Shin Megami Tensei V Announced for Nintendo Switch" (Béarla). IGN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-01-27.
  9. "Shin Megami Tensei 5 is heading to Nintendo Switch (update)"" (Béarla). Polygon. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-01-23.
  10. "Shin Megami Tensei V Coming To Nintendo Switch In 2021" (Béarla). GameSpot. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-21.