I Miotaseolaíocht na nGael, ba chéad Ard-Rí na hÉireann é Sláine (Sean-Ghaeilge Sláne,[1] Meán-Ghaeilge Sláinghe) mac Deala, sliocht de na Fir Bholg, agus ar deireadh de shliocht Neimhidh. Ba í Fuad a bhean chéile.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarSláine mac Deala
Cineálduine
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
TeidealArdrí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig na Fir Bholg go hÉirinn le cúig mhíle fear. Deirtear gur tháinig Sláine i dtír ag Cuan Loch Garman ag béal Na Sláine. Roinn Sláine agus a cheathrar deartháireacha an tír eatarthu. Thóg Sláine, an té is óige, cúige Laighin; thóg Gann tuaisceart na Mumhan; thóg Seangann deisceart na Mumhan; thóg Geanann cúige Chonnacht; agus thóg Ruadhraí cúige Uladh. Thogh siad Sláine mar ard-rí. Ghlan sé an fhoraois as ceantar Bhrú na Bóinne.[2]

Thugtaí na Fir Gailióin (leagan eile: Gaileanga) ar a chuid de mhuintir na bhFear Bolg, ainmnithe as a sleánna (Sean-Ghaeilge gáe, ga).

Bhí Sláine i gceannas ar feadh ach aon bhliain amháin, sula bhfuair sé bás ag Dionn Rí i gContae Cheatharlach. Cuireadh faoi é ag Baile Shláine, Contae na Mí. Tháinig a dheartháir Ruadhraí i gcomharbacht air.

Féach freisin cuir in eagar

Príomhfhoinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Slánga, Sláinge freisin
  2. Sláine Curtha i gcartlann 2019-11-19 ar an Wayback Machine ar mythicalireland.com


Réamhtheachtaí
duine ar bith
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1934–1933 RC
FFE 1514–1513 RC
Comharba
Ruadhraí