Slí Chaoimhín

cosán oilithreachta i gContae Chill Mhantáin
(Athsheolta ó Slí Chaoimhin)

Is bealach oilithrigh suite i gContae Chill Mhantáin é Slí Chaoimhin.

Slí Chaoimhin

Leanann Slí Chaoimhín an tslí a thóg Naomh Caoimhín trí chnoic Chill Mhantáin chomh fada le gleann uaibhreach rúndiamhair Ghleann Dá Loch, áit ar chaith sé a raibh fágtha dá shaol i mbun urnaí agus rinnfheitheamh aonair. Tar éis do Chaoimhín bás a fháil in AD 618, rinneadh cathair mhainistreach iontach den tearmann díthreabhach simplí a bhíodh ann tráth, agus bhí an chathair mhainistreach sin fós ina lárionad cráifeachta agus foghlama leis na blianta fada ina dhiaidh sin. Tháinig oilithrigh mheánaoiseacha ó chian agus ó chóngar ar cuairt chuig tuama Chaoimhín, agus is léiriú iad pointí tosaigh na siúlóide ar na treonna éagsúla ónar thaisteal na hoilithrigh úd, de réir cosúlachtaí. Is i gCillín Chaoimhín a thosaíonn an chéad bhealach, agus is as an gCrios a thagann an bealach eile. Trasnaíonn na conairí a chéile ag Droichead Bhaile na Gaoithe agus is aon chonair amháin iad as sin amach. Siúlfaidh tú ansin i dtreo mhám dochreidte Bhearna Chill Mhantáin, sárshampla de 'bhearna gaoithe', agus é mar an pointe is airde ar an mbealach. Is féidir leaca an tseanbhóthair oilithreachta a fheiceáil fós in áiteanna. Téann an bealach le fána Abhainn Ghleann Dasáin ansin agus isteach i nGleann Dá Loch. Is beag atá tagtha slán chugainn den mhainistir luath a d'fhás timpeall ar thuama Chaoimhín, agus is féidir mórchuid na bhfoirgneamh mainistreach a rìanú siar go dtí an t-aonú agus an dara haois déag, tráth a raibh an oilithreacht Eorpach i mbarr a réime.[1]


Tagairtí cuir in eagar

  1. Maitiú Ó Coimín. "Ar lorg Chaoimhín Naofa i sléibhte Chill Mhantáin…" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-07-31.