Slinneánacht
fáistineacht le slinneáin
Is é an rud atá i gceist le slinneánacht ná fáistineacht le slinneáin bheithíoch (.i. cnámh leathan thanaí na gualainne[1]). Gualdhraíocht a thugtar uirthi freisin.[2]
Sanasaíocht
cuir in eagarIs ó slinnénacht a thagann an focal seo.[3]
Sa Chultúr Gaelach
cuir in eagarNós gaelach is ea an slinneánacht a bhí fós beo i nGaeltacht na hAlban go déanach sa 19ú hAois. Bhí buanna sainiúla faoi leith ag teastáil le hí a dhéanamh.[4]
Modh a Déanta
cuir in eagarBhaintí an fheoil gan uirlis ar bith a úsáid ach na méaranna amháin agus ba riachtanach gan rian a fhágáil ar an gcnámh ar eagla nach bhféadfaí ciall a bhaint aisti. Treo an chinn chaoil, sin treo an beatha; treo an chinn ramhair sin treo an bháis.[4]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Foras na Gaeilge. "slinneán". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19/03/2020. Dáta rochtana: 19/03/2020.
- ↑ "slinneánacht, faisdineacht re slinneánaiḃ beaṫoḋaċ, gualḋraóiḋeacht"
Risdeard Pluincéad (1662). "Vocabularium Latinum et Hibernum / Foclóir Lainne agus Gaoidheilge": 34r, s.v. 'armomantia'. - ↑ Acadamh Ríoga na hÉireann. "slinnénacht". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18/03/2020. Dáta rochtana: 18/03/2020.
- ↑ 4.0 4.1 Brian Ó Cuív (1954). "Modern Irish slinnéanacht". Celtica (Imleabhar 2 cuid 2).