Smólach ordúil

speiceas éan

Tá an smólach ordúil (Turdus eunomus) ina bhall den fhine Turdidae a phóraíonn soir ó lár na Sibéire go dtí Kamchatka, ag geimhreadh go dtí an tSeapáin, an tSín Theas agus Maenmar. Tá dlúthbhaint aige leis an smólach Naumann (T. Naumanni) a phóraíonn níos faide ó dheas; pórú níos faide ó dheas; is minic a measadh gur bhall den speiceas céanna.iad beirt. Tagann an t-ainm eolaíoch ón Laidin Turdus, "smólach" agus eunomos ón Sean-Ghréigis, eunomos, "ordúil".

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSmólach ordúil
Turdus eunomus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Meánlíon in ál5 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22736111 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdPasseriformes
FineTurdidae
GéineasTurdus
SpeiceasTurdus eunomus Cuir in eagar ar Wikidata
Temminck, 1820
Léarscáil de raon an tacsóin
Ceantair eindéimeacha
Turdus eunomus
Sa tSeapáin
Aicmiú eolaíoch edit
Kingdom: Animalia
Fíleam: Chordata
Aicme: Aves
Ord: Passeriformes
Fine: Turdidae
Géineas: ''Turdus''
Speiceas:
T. eunomus
Ainmníocht dhéthéarmach
Turdus eunomus

Temminck, 1820

Bíonn an speiceas seo ag pórú i gceantair choillearnaí oscailte, ach murab ionann agus ansmólach Naumann, tá an smólach ordúil níos fulangaí sna gnáthóga sléibhtiúla agus ar imeall an tundra. Tá an speiceas seo imirceach go láidir, ag geimhreadh ó dheas go dtí oirdheisceart na hÁise, go príomha sa tSín agus i dtíortha comharsanacha. Is fánaí neamhchoitianta é in iarthar na hEorpa.[2] I mí na Nollag 2016 nuair a chonaic duine i Derbyshire sa Ríocht Aontaithe ceann acu, tháinig na céadta éanbhreathnóiríamach chun é a fheiceáil.[3][4]

Ó Tearmann Fiadhúlra Senchal, Darjeeling, an India.

Neadaíonn sé i gcrainn, ag breith 3-5 ubh i nead míshlachtmhar ach líneáilte go néata. Is minic a chruthaíonn éin imirceacha agus éin gheimhridh tréada beaga. Is uiliteoir é ag ithe réimse leathan feithidí, go háirithe muiscítí, péisteanna talún agus caora.

Tá an smólach meánmhéide ach téagartha, mheabhródh a chruth sacán beag duit. Tá an fho-eite deargdhonn, agus tá mála meathbhán aige.


Tá cúl agus tóin an smólaigh ordúil dúdhonn; aghaidh, brollach, agus cliath dubh agus tá an bolg agus an t-éadan bán. I gcomparáid leis, tá cúl agus ceann níos donn-éadromaí ag an smólach Naumann; tá an t-aghaidh, an brollach, na spotaí cliathánach agus an tóin níos dearg, agus tá an bolg agus an t-éadan bán. na spotaí cliathánacha agus an tóin níos scothdheirge, agus tá an bolg agus an fo-eireaball bán.

Tá an baineannach cosúil go leor leis an bhfireannach, ach tá patrún níos laige ag na neamhaibí..

Tá ceiliúr simplí fliúite nó feadaúil ag an smólach fireann seo, cosúil leis an deargán sneachta. Tá moltaí ann go bhfuil difríochtaí idir ceiliúr an smólaigh ordúil agus ceiliúir an smólaigh Neumann.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".