Animalia

orgánaigh eocarótacha ilcheallacha
(Athsheolta ó Animal)

Is orgánaigh ilcheallacha, eocarótacha iad ainmhithe sa ríocht bhitheolaíoch Animalia. Den chuid is mó, itheann ainmhithe ábhar orgánach, ionanálaíonn siad ocsaigin, bíonn matánchealla (myocyte) acu agus bíonn siad in ann bogadh, is féidir leo sliocht a phórú trí atáirgeadh gnéasach, agus fás ó bhlastúl, le linn forbartha suthach.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAnimalia Cuir in eagar ar Wikidata

Ursus arctos middendorffi Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama
Cryogenian (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
ForfhearannBiota
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1758
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Metazoa Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht cuir in eagar

Tagann an focal " ainmhí" ón bhfocal Laidineach " animale", a thig ó anima, leis an gciall anáilanam. De réir an aicmithe eolaíoch, déantar na hainmhithe uile a chur i Ríocht. Tugtar daoine san áireamh leis na hainmhithe eile, ach i ngnáthchaint na ndaoine, déantar idirdhealú idir daoine agus na hainmhithe neamh-dhaonna.

Saintréithe cuir in eagar

Tá tréithe ar leith ag ainmhithe lena ndéantar iad a idirdhealú ó bheothaigh eile. I dtosach báire, is eocarótaigh iad; sé sinn le rá go mbíonn cealla casta acu. Le heisceacht amháin,(Myxozoa) is bheothaigh ilcheallacha iad. Déanann an dá tréithe seo iad a hindhealadh ó bhaictéir agus tromlach na bprótaisteach. Freisin, tá siad uile heitreatrófach agus díleánn siad bia de ghnáth i seoimrín inmhéanach, rud a indhealaíonn iad ó phlandaí agus algaí. Tá siad éagsúil ó na plandaí, algaí agus fungais mar ní bhíonn cillbhallaí acu. Tá gach ainmhí gluaisteach i gcéim éigin dá shaol.

Comhdhéanamh cuir in eagar

Tá coirp tromlach na n-ainmhithe roinnte i bhfíocháin éagsúla, a bhfuil féin déanta suas de shaghas ceall áirithe. Tá na néaróga mar fíocháin speisialta, a bhfuil le fáil i dtromlach na n-ainmhithe, a ligean dóibh mothálach cruinn is sách gasta dá dtimpeallacht a bheith acu go minic. Freisin, tá matáin le fáil ins na n-ainmhithe amháin. Freisin, mar go ndéanann tromlach na n-ainmhithe bia a dhíleá i seomrín inmheánach, is minic go mbíonn córas casta acu chun déileail leis an mbia seo.

Atáirgeadh agus Forbairt cuir in eagar

Baineann ainmhithe úsáid as an atáirgeadh gnéasach agus an atáirgeadh neamhghnéasach, cé gur fíorannamh an rud é nach bhfaightear an atáirgeadh gnéasach i ngrúpa ainmhithe, fiú más neamh-ghnách an nós é. Tá tréithe eisiach ag ainmhithe ó thaobh forbairt de. I mbeagnach gach ainmhí, bíonn céim bhlastúil ag an suth, rud atá ina saintréith bhitheolaíochta eisiach ag ainmhí. Freisin, de bharr struchtúr a gcealla, baineann siad úsáid as go leor gluaiseacht cille i rith a bhforbairt ó ceall singil go suth, go ainmhí forbartha.

Éabhlóid na nAinmhithe cuir in eagar

Ó thaobh iarsamí de, thagann na n-ainmhithe ar an bhfód i dtosach báire i gclocha ó a bhfuil níos mó ná 600 milliúin bliain d'aois. Rinneadh an deighilt idir na grúpaí móra d'ainmhithe thart ar 542 milliún bliain ó shin agus tá siad fós ag athrú go dtí an lá inniu. Ní fios go fóill cé chomh gasta a raibh an deighilt seo agus cén cúis a bhí leis. Ach anois, tá na míllúin saghsanna difrúla d'ainmhithe ann, le réimse fíor-leathan slite beatha is gháthoga acu. Is féidir a rá gur mar dheall ar na trí tréithe athluaite, an mothálacht ceadaithe ag an gcóras néaróige, an gluaiseacht gasta ceadaithe ag na matáin agus an féidreacht chun mórchuid foinsí funnimhe difrúla a úsáid ceadaithe ag an ndíleá inmheánach go raibh an cumas ag na n-ainmhithe chun an éabhlóid a dhéanamh sa slí seo.

Grúpaí móra ainmhithe cuir in eagar

Is féidir níos mó ná tríocha fíleam d'ainmhithe a aimsiú, ach tá mórchuid d'illgnéitheacht na n-ainmhithe le fáil i measc dornán beag de ghrúpaí móra. I measc na grúpaí seo tá Chordata, Arthropoda, Mollusca, Annelida agus Nematoda. Tá go leor d'éagsúlacht an ghrúpa le fáil lasmuigh de na grúpaí móra seo áfach.

Porifera cuir in eagar

Is iad seo na spúinsí mara, ainmhithe simplí gan aon eagraíocht casta, gan fíocháin agus gan siméadracht a mhaireann trí bhia a scagadh ón uisce.

Radiata cuir in eagar

Tá siméadracht ghathach agus eagraíocht bunaithe ar dhá chiseal d'fhíocháin mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá na smugairlí rón, na coiréalaigh agus na spíonáin mara mar bhaill den ghrúpa seo.

Deuterostomata cuir in eagar

Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin agus forbairt an anas ón gcéad oscailt sa suth mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá na cordaigh agus na eicínideirmigh (crosóg mhara agus a gaolta) mar bhaill den ghrúpa seo.

Ecdysozoa cuir in eagar

Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin, forbairt an bhéal ón gcéad oscailt sa suth agus foladh craicin mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá Arthropoda agus Nematoda mar bhaill den ghrúpa seo.

Lophotrochozoa cuir in eagar

Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin agus forbairt an bhéal ón gcéad oscailt sa suth mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá Mollusca (seilide agus a gaolta) agus Annelida (na péist deighilte) mar bhaill den ghrúpa seo.

Uimhreacha agus gnáthóga cuir in eagar

Liostaítear sa tábla seo a leanas líon measta na speiceas atá ar marthain do na grúpaí ainmhithe a bhfuil an líon is mó speiceas acu,[62] mar aon lena bpríomhghnáthóga (talún, fionnuiscí,[63] agus muirí),[64] agus beathaí nó slite beatha seadánacha.[65] Tá meastacháin speiceas a thaispeántar anseo bunaithe ar líon a bhfuil cur síos eolaíoch déanta orthu; ríomhadh meastacháin i bhfad níos mó bunaithe ar mhodhanna éagsúla tuartha, agus d'fhéadfadh siad seo athrú go mór. Mar shampla, rinneadh cur síos ar thart ar 25,000 -27,000 speiceas néimeatóid, agus i measc na meastachán foilsithe ar líon iomlán na speiceas néimeatóide tá 10,000 -20,000; 500,000; 10 milliún; agus 100 milliún. [66] Ag baint úsáide as patrúin laistigh den ordlathas tacsanomaíoch, ríomhadh gur thart ar 7.77 milliún líon iomlán na speiceas ainmhithe - lena n-áirítear iad siúd nár tuairiscíodh fós - thart ar 7.77 milliún in 2011.

Tábhacht na n-Ainmhithe cuir in eagar

Tá ról suntasach ag ainmhithe i ngnáthóga éagsúla mórthimpeall na cruinne.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar