Is éard is aicmiú bitheolaíoch, nó aicmiú eolaíoch sa bhitheolaíocht ann, ná modh eolaíoch le haghaidh orgánach a rangú i ngrúpaí, mar shampla géineasspeiceas, de réir na gcosúlachtaí struchtúir agus feidhme a bhíonn eatarthu. . Tugtar tacsa tacsóin (uatha: tacsón) ar ghrúpaí mar seo agus an tacsanomaíoch a thugtar ar an chineál bitheolaíochta a phléann le haicmiú ar neacha an Nádúir.

Ocht gcéim na haicmiúcháin bhitheolaíochta.
Ocht gcéim na haicmiúcháin bhitheolaíochta.

Tá aicmiú na n-organach na linne seo, fréamhaithe in obair an luibheolaí Sulannach Carolus Linnaeus, a rangaigh speicis de réir comhthréithe fisiciúla. Tá athbhreithniú déanta ó shin, ar na grúpálacha seo chun a gcomhsheasmhacht a fheabhsú, ionas go mbeadh siad i gcomhréir le prionsabal Darwin, sé sin le rá 'gur shíolraigh na speicis go léir ó shinsearacha coiteann éigin'. Le teacht isteach an mhodha chladistice, ag deireadh an 20ú haois, thosaigh an tacsanomaíocht fhíliginiteach ag éirí coitianta i roinnt réimsí de chuid na bitheolaíochta, ina ngrúpáiltear orgánaigh de réir a n-gaolmhaireacht amháin, bunaithe ar thátal éabhlóideach, gan aird a thabhairt ar chosúlacht mhoirfeolaíochta. Thiomáin an fhíligéineolaíocht mhóilíneach, a úsáideann seichimh NAD mar sonraí, go leor leasuithe le déanaí, agus is dócha go leanfaidh sin ar aghaidh. Baineann an aicmiú bitheolaíoch le heolaíochta na córasaíochta bitheolaíocha.

Sainmhíniú cuir in eagar

Shainmhínigh Ernst Mayr 'Aicmiú' mar "Eagrú na n-aonán i sraith ordlathach de ranganna neadaithe, ina a chuirtear le chéile ranganna den chineál céanna, nó a bhaineann le leibhéal amháin ordlathach, go cuimsitheach i ranganna níos cuimsithí, ar an chéad leibhéal eile atá níos airde." Shainmhínítear 'rang' mar "bailiúchán d'aonán den chineál céanna". (Tabhair faoi deara go n-úsaidtear an focal "rang" go measartha ar leithligh i gcomhair cheann de na leibhéil san ordlathas bitheolaíochta.) Tá an t-aicmiú Bitheolaíochta bunaithe ar an chosúlacht a bhíonn idir orgánaigh a shíolraigh ón shinsearach is gaire. Dá réir sin, is iad na hairíonna nó tréithe tábhachtacha le haicmiú sa bhitheolaíoch ná iad siúd atá 'homalógach', ie, a bhfuarthas ó shinsearach coiteann. Ní mór iad seo a dheighilt ó tréithe analógacha. Tá an cumas na heitilte ag na héin agus na hialtóga araon ach ní bhaintear úsáid as an chosúlacht seo chun iad a aicmiú i dtacsón (a "rang"), toisc nach bhfuil sé mar oidhreacht acu ó shinsearach coiteann. In ainneoin na difríochtaí eile go léir eatarthu, is é an bhfíric go mbeathaíonn ialtóga agus míolta móra araon a n-óg ar bhainne, cheann de na gnéithe a úsáidtear chun aicmiú an bheirt acu mar mamaigh, ós treith é a bhfuarathas trí oidhreacht ó shinsearach coiteann.

Go dtí le déanaí, bhí cúig phríomh rangú in úsáid (na Cúig Ríochtaí):

Monera -- Protista -- Fungi -- Plantae-- Animalia

Sa lá atá inniu ann, áfach, bíonn formhór na n-eolaithe den tuairim go bhfuil an rangú seo míchruinn agus as dáta. Baineann Aicmiú Bitheolaíoch leis an eolaíocht córasaíocht bhitheolaíoch.

Rangaítear rudaí beo i dtrí Ríocht san tacsanamaíocht nua-aimseartha mar seo a leanas;

Archaea (i gcéaduair mar Archaebacteria) -- Baictéir (i gcéaduair mar Eubacteria) -- Eukaryota.

Príomh-Aicmiú Tacsanomaíocht cuir in eagar

Príomh-Aicmiú Tacsanomaíocht
Laidin Gaeilge
regnum ríocht
phylum fíleam
divisio roinn
classis rang
ordo ord
familia fine
genus géineas
species speiceas