Pacáiste bogearraí a dheartar chun comhaid sonraí ríomhaire a shortáil nó a athshortáil, agus dhá chomhad dhifriúla a shortáil i gcomhad amháin cumaiscthe sortáilte. Bhíodh pacáistí mar seo i ngnáthúsáid nuair a bhíodh baiscphróiseáil is téip mhaighnéadach in úsáid go forleathan i ríomhaireacht gnó, ach tar éis próiseáil ar líne is diosca maighnéadach a bheith curtha ina n-ionad is beag úsáid a bhaintear astu anois.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoi bhogearra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.