Tá suim mhór sa spórt i Luimneach agus is minic a ghlaonn polaiteoiri agus cumainn áitiúla "Príomhchathair Spóirt na hÉireann" ar Luimneach. Cuimhníonn dealbh os comhair Banc Aontas Éireann i Sráid Uí Chonaill ar chlú spórtúil na cathrach.

Craobh Iomána Sóisir B Cathair Luimnigh, Áth an Mhuilinn i gcoinne Tobar Phádraig sa chluiche leathcheannais, 28ú Lúnasa 2004

Iománaíocht cuir in eagar

Craobh Iomána na hÉireann buaite seacht n-uaire ag Luimneach (i 1897, 1918, 1921, 1934, 1936, 1940 agus 1973) agus tá an contae fós i measc na foirne is láidre sa tír. Cé nár éirigh leis craobh eile a bhaint amach le 34 bliain anuas, bhuaigh sé Craobh Iomána na Mumhan sna blianta 1974, 1980, 1981, 1994 agus 1996, chaill sé cluiche cheannais na hÉireann arís sa bhliain 2007 agus bhuaigh sé Craobh Iomána Faoi Bhun-21 na hÉireann trí uair as a chéile sna blianta 2000-2002. I measc iománaithe cáiliúla Luimnigh, tá Micheál Mac Aodha (1912-1982) a roghnaíodh ar fhoireann iomána na Mílaoise agus Seán de Paor (1916-1994) a bhí ar fhoirne 1936 agus 1940.

Is í Páirc na nGael ar Bhóthar na hInse lárionad iomána Luimnigh, áit a bhfuil spás anois do 50,000 lucht féachana. Sa bhliain 1961, d'íoc 61,000 chun teacht isteach ar chluiche cheannais iomána na Mumhan agus meastar gur tháinig slua 10,000 breise isteach ina ndiaidh saor in aisce nuair a briseadh síos na geataí.

Tá ocht gclub iomána sa chathair, Clochán agus Na Piarsaigh (sinsear), Mungairit agus Móin a' Lín (idirmheánach) agus Sean-Chríostaithe, Naomh Pádraig, Áth an Mhuilinn agus Sáirséiligh na Mainistreach (sóisear). Bhí clú mór ar Scoil na mBráthar, Sráid Seasnain, mar scoil iomána i mblianta na Seascaidí nuair a bhuadar Craobh Iomána Scoile na hÉireann faoi thrí

Peil Ghaelach cuir in eagar

Bhuaigh Luimneach a chéad Craobh Peile na hÉireann sa bhliain 1887 agus d’éirigh leis arís sa bhliain 1896. Ach ó shin i leith, níl aon chraobh peile cúige nó náisiúnta gafa ag an gcontae. Lasmuigh de thréimhsí gearra idir 1965 agus 1967 agus arís idir 1985 agus 1992, bhí foireann an-lag ag an gcontae tríd an 20ú haois go léir. Tháinig feabhas ar an scéal nuair a shroich an fhoireann faoi-21 cluichí ceannais na hÉireann sa bhliain 2000 agus ba as sin ar tháinig formhór na n-imreoirí a chaith an geansaí glas i gcluichí peile ceannais na Mumhan sna blianta 2003 agus 2004.

 
Peileadóiri Luimnigh tar éis buachaint ar Chill Mhanntáin agus Roinn 1 na Sraithe Náisiúnta a bhaint amach i gCill Mocheallóg, 6ú d'Aibreán 2003

Roghnaíodh peileadóirí Luimnigh Pádraig de Baróid, Seán Ó Cuáin agus Stiofán Ó Ceallaigh ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann i gcoinne peileadóirí Rialacha na hAstráile.

Tá ocht gclub peile sa chathair – Móin a' Lín agus Clochán (sinsear), Mungairit, Naomh Pádraig agus Na Piarsaigh (idirmheánach) agus Áth an Mhuilinn, Gaeil Baile na Cora agus Sáirséiligh na Mainistreach (sóisear). Imríonn foireann peile Luimnigh i bPáirc na nGael, ceannáras CLG Chontae Luimnigh.

Sacar cuir in eagar

Imríodh sacar gairmiúil go leanúnach i Luimneach ón mbliain 1937 ach b’iad foirne éagsúla a bhí mar bhaill de Shraith Peile na hÉireann. Mhair an chéad chlub - Luimneach go dtí 1983 (ainmníodh Luimneach Aontaithe air i ndiaidh 1977), Cathair Luimnigh go dtí 1990, Cumann Peile Luimnigh go dtí 2006 agus is é Luimneach 37 atá ann i láthair na huaire.

Buadh an Léig sna blianta 1961 agus 1980 agus Corn CPÉ i 1971 agus 1982. Bhí Al Mac Fhionnúcháin, Caoimhín Mac Giolla Phádraig, Pádraig Ó Nualláin agus Seán Breathnach ag imirt le Luimneach nuair a roghnaíodh iad ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann.

B'as Luimneach freisin na himreoiri idirnáisiúnta Tomás "Bud" Ó hEachtairn, Seosamh Ó Tuairisc agus Stiofán Ó Fionáin ar imir an chuid is mó dá linne spóirt i Sasana.

I measc na gclubanna sóisir sa chathair tá Raonaithe Fionnradhairc (a bhuaigh Craobh Sóisear CPÉ cúig uair timpeall na Mílaoise), Fánaithe na Píce, Na Gearaltaigh, Baile Uí Neachtain Aontaithe, Corrbhaile Aontaithe, Aisling Áth na Coite, Fánaithe an Réilt, Raonaithe de hÍde agus Mungairit Réigiúnach.

Rugbaí cuir in eagar

rugbaí níos láidre i Luimneach ná in aon áit eile in Éirinn agus is í Páirc Thumhan ionad baile foireann rugbaí na Mumhan a bhuaigh Craobh Heineken na hEorpa i 2006. Le blianta anuas, imríonn formhór tosaithe foireann idirnáisiúnta na hÉireann le clubanna as Luimneach. Ina measc siúd, tá imreoirí reatha Pól Ó Conaill, Seán Ó hAodha, Marcus Ó hÓráin agus Dáithi de Bhailís agus iarimreoirí Antóin Ó Foghlú, Ceit Mac Giolla Choille, Gearóid Mac Lochlainn, Peadar Ó Clochasaigh, Tomás Ó Clumháin agus Colm Tuicéir.

Is í Sionna an club rugbaí is láidre in Éirinn ó bunaíodh an Léig Uile-Éireann agus tá an chraobh buaite freisin ag Garraí Eoin agus Ógra Mumhan. Is iad Sean-Chorrán, OL-Bóithéimigh, Tumhan, Risteaman, Naomh Mhuire agus An Tobraid na clubanna eile sa chathair.

Rásaíocht capall cuir in eagar

 
Leacht a tógadh ar Bhóthar Mulgrave i gcuimhne ar an lúth-chleasaí cáiliúil Luimníoch ó dheireadh an 19ú agus tús an 20ú haois Seán Ó Gráda

Is i gCnoc Glas, 8km ó dheas ó lár na cathrach an an mbóthar idir Tobar Phádraig agus Craobh Chumhra atá Ráschúrsa na gCapall Luimnigh. D'oscail sé sa bhliain 2002 agus b'é an chéad ráschúrsa nua in Éirinn le caoga bliain anuas. Tháinig sé in áit an sean-chúrsa a bhí suite ar an gCuarbhóthar Theas.

Rásaíocht con cuir in eagar

Ritear Corn na hÉireann i gCnoc Glas ag tús Feabhra gach bliana. Is í an chraobh is tábhachtaí agus is luachmhaire i gcúrsaíocht na gcon ar domhain anois.

Tá Raon na gCon Luimnigh suite ar Bhóthar Mulgrave. Beirtear níos mó cúnna ráis i dContaetha Luimnigh, Thiobraid Árainn agus Chiarraí ná in aon limistéar eile ar domhain.

Spóirt Eile cuir in eagar

Sa chispeil, tá foirne as Luimneach i Sraith Náisiúnta na bhFear (Leoin Luimnigh} agus i Sraith Náisiúnta na mBan [OL-Eachinis]]. Imríonn an dá fhoireann i Arena Ollscoil Luimnigh.

Tá ocht ngalfchúrsa laistigh de 20km ó lár na cathrach. Is iad GC Luimnigh i bBaile Clocha, GC Caladh Uí Threoigh, GC An Ráth Bháin, GC Chontae Luimnigh is mBaile an Fhaoitigh, GC Na Sionnainne in Aerfort na Sionna, GC Cluain Lára, GC Áth Dara agus GC Mainéar Ath Dara.

Tá clú ar Luimneach mar ionad rámhaíochta agus tá clubanna CB Luimnigh, CR Na Sionnainne, CR Naomh Mhichíl agus CR Áth Longfoirt suite laistigh de theor na cathrach. Tá clubanna breise suite sa mhór-chathair in Ollscoil Luimnigh agus i gCaisleán Uí gConaig.

I measc na spórt eile, tá clubanna eile lúthchleasaíochta, snámha, haca, rothaíochta, camógaíochta, peil na mban, cruicéid, leadóige agus liathróid láimhe agus tá an-chuid díobh bunaithe in Ollscoil Luimnigh nó in Institiúd Teicneolaíochta Luimnigh.