An difríocht idir athruithe ar: "Séamas Ó Lorcáin"

polaiteoir agus ceardchumannaí Éireannach
Content deleted Content added
Leathanach nua: 200px|deas|thumb|Dealbh ar [[Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath. An inscríbhinn atá ann ná "Ní uasal aon uasal ach sinne bheith íseal: Éirím...
(No difference)

Leagan ó 19:44, 3 Eanáir 2007

Ceannaire agus gníomhaí ceardchumannach Éireannach ab ea é Séamas Ó Lorcáin (21 Eanáir, 1874 - 30 Eanáir, 1947), nó James "Big Jim" Larkin, mar a dtugtaí air as Béarla. Bhí Ó Lorcáin an-ghníomhach i ngluaiseacht an cheardchumannachais i mBaile Átha Cliath, ag tús an 20ú haois go háirithe, agus b'eisean a bhunaigh Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, Páirtí an Lucht Oibre in Éirinn, agus Cumann Oibrithe na hÉireann. Bhain sé cáil amach mar gheall ar an ról tábhachtach a ghlac sé i rith Frithdhúnadh Mór Bhaile Atha Cliath sa bhliain 1913.

Dealbh ar Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath. An inscríbhinn atá ann ná "Ní uasal aon uasal ach sinne bheith íseal: Éirímis".

Rugadh Ó Lorcáin i Learpholl, Sasana, mac le tuismitheoirí Éireannacha. Bhog sé go hÉireann sa bhliain 1907.