An difríocht idir athruithe ar: "Buamáil Divis (1982)"
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'mion|Túr Divis Tharla '''buamáil Divis''' ar an 16 Meán Fómhair 1982, nuair a phléasc buama de chuid an...' |
(No difference)
|
Leagan ó 08:09, 16 Meán Fómhair 2020
Tharla buamáil Divis ar an 16 Meán Fómhair 1982, nuair a phléasc buama de chuid an INLA i dtúr Divis, árasán in iarthar Bhéal Feirste. Maraíodh saighdiúir, Kevin Waller (20), agus beirt páiste, Stephen Bennet (14) agus Kevin Valliday (12). [1] Gortaíodh daoine eile go dona, saighdiúir san áireamh le gortuithe a chuir ó chumas é.
Sa bhliain 1987, gearradh príosún saoil ar Martin McElkerney. Scaoileadh as an bpríosún é i 1999 nuair a tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm.
Chuir Martin McElkerney lámh ina bhás féin ar 17 Bealtaine 2019.[2] Bhí sé pósta agus triúr clainne aige.[3][4] Dúradh go raibh na céadta cosúil leis, iarphríosúnaigh a raibh fadhbanna fisicúla, ólacháin nó caidrimh acu nó an galar dubhach orthu.[5]
Tagairtí
- ↑ "Guilt may have led to INLA killer’s suicide says soldier who served with victim" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2020-09-16.
- ↑ "INLA activist dies after being found shot in Belfast cemetery" (en). the Guardian (2019-05-17). Dáta rochtana: 2020-09-16.
- ↑ "Funeral Times | Death Notice Martin McELKERNEY". www.funeraltimes.com. Dáta rochtana: 2020-09-16.
- ↑ "Saint Peter's Cathedral Parish Belfast" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-09-16.
- ↑ Robert McMillen. "Beirt fhear chonspóideacha" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-16.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |