Ailtirí na hAiséirghe

páirtí polaitíochta Éireannach

Páirtí polaitiúil Éireannach ab ea Ailtirí na hAiséirghe. Páirtí beag náisiúnach agus faisisteach ab ea é. Bhunaigh Gearóid Ó Cuinneagáin an páirtí sa bhliain 1942. Bhí an páirtí ag iarraidh stát ollsmachtach Críostaí a chruthú.

Bosca Sonraí EagraíochtaAiltirí na hAiséirghe
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaFaisisteachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaan eite fhíordheis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhMárta 1942
Bunaitheoir(í)Gearóid Ó Cuinneagáin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1958 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Ba iad aidhmeanna an pháirtí ná

  • rialtas aonpháirtí faoi smacht ceannaire cumhachtach
  • go mbeadh sé mídhleathach Béarla a labhairt go poiblí
  • idirdhealú i gcoinne na nGiúdach
  • arm ollmhór coinscríofa a chruthú
  • athghabháil Thuaiscirt Éireann

San fhadtéarm bhí Ailtirí na hAiséirghe ag iarraidh go mbeadh Éire faisisteach mar stát "miseanach-idé-eolaíoch" a bheadh ábalta a chuid polasaithe (polaitíocht ollsmachtach agus prionsabail sóisialta Críostaí) a spreagadh timpeall an domhain.

Bhí siad sásta tacú leis na Naitsithe agus an Dara Cogadh Domhanda ar siúl. "Cumann frith-Ghiúdach" a thugadh orthu. Bunaíodh roinnt mhaith páirtithe den eite dheis sna 1940í in Éirinn, Ailtirí na hAiséirghe ina measc, ach níor éirigh le páirtí ar bith dóibh.

Níor bhuaigh an páirtí suíochán Dála in olltoghcháin 19431944. Toghadh naonúr iarrthóirí den pháirtí (as 31) i dtoghcháin áitiúla 1945. Fuair an páirtí níos mó ná 11,000 vóta príomhroghanna. Bhí aird an phobail ar an bpairtí mar gheall ar an bpáirt a bhí acu i gciréaibeacha 'Lá V-E' i mBaile Átha Cliath ar 8 Bealtaine 1945.

Thacaigh Earnán de Blaghd, Oliver J. Flanagan, agus James Joseph Walsh leis an bpáirtí. Bhí Seán Treacy (Ceann Comhairle na Dála níos déanaí), Brian Cleeve (úrscéalaí), Terence Gray (fealsamh) agus Breandán Ó hÉithir (craoltóir agus údar) ina mbaill den phaírtí sna 1940í.

Tháinig meath ar Ailtirí na hAiséirghe tar éis scoilte sa pháirtí timpeall deireadh na bliana 1945. Tharla cruinniú deireanach an pháirtí sa bhliain 1958 ach foilsíodh nuachtán an pháirtí go dtí na 1970í.

Leabhair cuir in eagar

  • R.M. Douglas, Architects of the Resurrection: Ailtirí na hAiséirghe and the Fascist 'New Order' in Ireland (Manchester University Press, 2007), ISBN 978-0-7190-7998-6.
  • A. Ní Lochlainn, 'Ailtirí na hAiséirghe: A Movement of Its Time,' in D. Keogh agus M. O'Driscoll, eag., Ireland in World War Two: Diplomacy and Survival (Mercier, 2004).

Tagairtí cuir in eagar