Institiúid Pilib Neri Naofa

Comhphobal beag sagart Caitliceach is ea Institiúid Pilib Neri Naofa (Laidin: Institutum Sancti Philipi Neri) atá lonnaithe in Ard-deoise Berlin na Gearmáine. Cuireadh ar bhun é sa bhliain 2003 agus fuarthas aitheantas ón Eaglais Chaitliceach ar 25 Bealtaine 2003.

Bosca Sonraí EagraíochtaInstitiúid Pilib Neri Naofa
Sonraí
Ainm gearrISPN Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2003

Úsáideann sagart na hinstitiúide an tAifreann Laidineach agus tá siad bunaithe ar inspioráid Naomh Pilib Neri. Bhíodh na bunaitheorí ina mball ar Chumann Naomh Pius X ach chuireadar an Institiúid ar bhun tar éis dóibh athmhuintireas na traidisiúineóirí i gCampos sa Bhrasaíl a fheiceáil. Chuir an Cairdinéal Sterzinsky, Ardeaspag Berlin, fáilte rompu teacht isteach sa dheoise aige. Tá aspalóid eile acu i Köllerbach i ndeoise Trier in iarthar na Gearmáine.

Naisc sheachtracha cuir in eagar