Is antalóp é an laící[1] (Kobus leche) a fhaightear i ngnáthóga bogaigh i lárdheisceart na hAfraice.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLaící
Kobus leche Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Tréimhse iompair7.5 míosa Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse saoil is faide25.4 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas beagnach faoi bhagairt
UICN11033 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdArtiodactyla
FineBovidae
GéineasKobus
SpeiceasKobus leche Cuir in eagar ar Wikidata
Gray, 1850
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sé dúchasach don Bhotsuáin, an tSaimbia, oirdheisceart Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, oirthuaisceart na Namaib, agus oirthear Angóla, go háirithe i nDeilt Okavango, Maigh Kafue, agus Bogach Bangweulu. Tá an speiceas sách coitianta i zúnna agus ar fheirmeacha ainmhithe fiáine.

Tá laícithe fásta thart ar 90–100cm ar airde ag an ngualainn, agus tá idir 50 agus 120kg meáchain iontu de ghnáth, na fireannaigh níos troime ná na baineannaigh. Tá siad órdhonn le bolg bán. Bíonn dath níos dorcha ar fhireannaigh, ach braitheann an dath cruinn ar an bhfospeiceas. Na fireannaigh amháin a bhfuil adharca orthu, de chruth bíseach, beagáinín cosúil le lír. Bíonn na cosa deiridh níos faide go comhréireach ná mar atá ar antalóip eile, rud a éascaíonn an rith fadraoin ar thalamh riascach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Kobus leche” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.