Melania Trump

Céadbhean na Stát Aontaithe (2017–2021)

Iar-Chéadbhean na Stát Aontaithe, bean chéile Donald Trump agus iar-mhainicín is ea Melania Trump (a rugadh mar Melanija Knavs ar an 26 Aibreán 1970 agus atá 186cm ar airde). Is Caitliceach í, an dara Caitliceach riamh mar Chéadbhean na Stát Aontaithe.[1]

Infotaula de personaMelania Trump

(2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(sl) Melanija Knavs
26 Aibreán 1970
54 bliana d'aois
Novo Mesto (Poblacht Shóisialach Chónaidhme na hIúgsláive)
Céadbhean na Stát Aontaithe
20 Eanáir 2017 – 20 Eanáir 2021
← Michelle ObamaJill Biden → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach agus An Chríostaíocht
Scoil a d'fhreastail sé/síSecondary School for Design and Photography, Ljubljana (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheNua-Eabhrac
Sevnica (en) Aistrigh
Sevnica (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan tSlóivéinis
Dath súileGorm
Dathán gruaigeGruaig dhonn
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Nua-Eabhrac (1996–)
Milano
Páras Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmainicín, ceiliúrán, dearthóir seodra, duine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1986 –
Spéis aige/aici iCibearbhulaíocht
TeangachaAn tSlóivéinis, an tSeirbis, Béarla, an Ghearmáinis agus an Fhraincis
Teaghlach
TeaghlachTeaghlach Trump Cuir in eagar ar Wikidata
CéileDonald Trump (2005–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBarron Trump Cuir in eagar ar Wikidata
AthairViktor Knavs  agus Amalija Knavs
SiblínInes Knauss agus Denis Cigelnjak
Síniú

Veu de Melania Trump (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinmelaniatrump.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1514936 TV.com: people/melania-trump
Facebook: MelaniaTrump Twitter: MELANIATRUMP Instagram: melaniatrump Musicbrainz: 817ca621-a1cd-47b7-8360-2363e2d8ed06 Cuir in eagar ar Wikidata
Trump agus a chara Melania, 1999
Físeán: "Teachtaireacht", 2020, lena súil greamaithe den uathleideoir

Saol cuir in eagar

Rugadh Melanija Knavs in Novo Mesto in oirdheisceart na Slóivéine (cuid den Iúgslaiv san am úd).[2] Díoltóir feithiclí do chomhlacht stáit ab ea a hathair. Bean fuála nó maintín ba ea a mháthair agus tionchar nach beag ar gairm Melania.

D'éirigh sí ina mainicín faisin timpeall 1986 agus d'athraigh sí a ainm agus sloinne go Melania Knauss, ar an nós Gearmánach.[3]

Stáit Aontaithe cuir in eagar

Chuaigh sí ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe in 1996 agus chas sí le Trump in 1998.

Rinneadh buan-áitritheoir de chuid na Stát Aontaithe di sa bhliain 2001.

Phós sí Donald Trump in 2005. Rugadh a mac, Barron Trump, ar an 20 Márta 2006.

Rinneadh saoránach Meiriceánach di sa bhliain 2006.

Céadbhean na Stát Aontaithe cuir in eagar

Éist léi in Eanáir 2021

In 2016, rinneadh cluas mhuice d'óráid Melania Trump agus níor fearr ná sin, a taispeántas lena súil greamaithe den uathleideoir.[4]

Culaith éadaigh leis an dearthóir Meiriceánach Ralph Lauren a roghnaigh Melania Trump d’ócáid insealbhaithe a fir chéile mar Uachtarán Mheiriceá in 2017. Agus cé gurbh é ‘America First’ an téama a bhí aige ina óráid insealbhaithe, is lasmuigh de Mheiriceá atá a cuid éadaí aimsithe ag bean an Uachtaráin go minic ó shin i leith. Chaith sí feisteas le Givenchy, Dior agus Karl Lagerfeld ag ócáidí éagsúla ó shin.[5]

In 2017, rinne Melania botún faisean na bliana; thug sí cuairt ar cheantair a bhí buailte go dona ag hairicín tubaisteach ... ar a cuid sála arda.[6]

Agus í ar cuairt ar ionaid choinneála i Texas in 2018, chaith Melania Trump seaicéad a tharraing conspóid agus "I don't care" scríofa air.[7][8]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Is é Biden an dara Caitliceach a toghadh ina uachtarán sna Stáit Aontaithe
  2. "The Model American: Melania Trump is the exception to her husband's nativist politics".
  3. "Meet Melania Trump, a New Model for First Lady".
  4. Breandán M Mac Gearailt (29 Iúil 2016). "Is iontach an buaileam sciath, an tsiamsaíocht agus an tslaiseáil…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-18.
  5. Sara Ní Chuirreáin (5 Márta 2017). "Níl ‘America First’ i gceist fad is a bhaineann sé le faisean Melania Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-18.
  6. Sara Ní Chuirreáin (22 Nollaig 2017). "Mórscéalta faisin agus stíle na bliana 2017 – idir mhaith agus olc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-18.
  7. "‘We cover the noise’ – dúshlán na meán i ré Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-06-28). Dáta rochtana: 2024-04-18.
  8. Heather Schwedel (2024-02-28). "The Real Story Behind Melania’s “I Really Don’t Care” Jacket Is Truly Funnier Than Anyone Knew" (en-US). Slate. Dáta rochtana: 2024-04-18.