Cathair in oirthear Mheicsiceo is ea Veracruz, nó Veracruz Heróica uaireanta. Tá sí suite ar chósta Mhurascaill Mheicsiceo. Is í an chathair is mó i stát Veracruz. Sa bhliain 2010, bhí cónaí ar 552,156 duine ann.

Cois cuain i Veracruz
Léarscáil Chathair Veracruz ón bhliain 1777

Bhunaigh Hernán Cortés Veracruz nuair a chuir sé calafort ar siúl ann sa bhliain 1519. "Laochúil faoi shé" an teideal a bhronn tionól reachtais stát Veracruz ar an gcathair de bharr na sé huaire a chosnaíodh í go crógach, mar dhea, ar na Spáinnigh, na Francaigh agus na Meiriceánaigh.