Veracruz
Is ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo é Veracruz, agus é suite in oirthear na tíre. Tá leaganacha oifigiúla agus stairiúla níos faide den ainm: Veracruz de Ignacio de la Llave a thugtar ar an stát ina bhunreacht,[1] agus is seanleagan de Veracruz-Llave freisin. Estado Libre y Soberano de Veracruz de Ignacio de la Llave an leagan is faide den ainm. Is é Xalapa an phríomhchathair agus is é Veracruz an chathair is mó. Bhí 7,773,408 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.
Veracruz | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Ignacio de la Llave | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Meicsiceo | ||||
Príomhchathair | Xalapa | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 8,112,505 (2015) | ||||
• Dlús | 112.96 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 71,820 km² | ||||
Airde | 300 m | ||||
Pointe is airde | Citlaltepetl (en) (5,636 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1823 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhdháil Veracruz | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 91-96 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | MX-VER | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | veracruz.gob.mx |
Stair
cuir in eagarD'fhás sibhialtacht na nOilmiceach i Veracruz a bhí i mbarr a réime sa chéad mhíle bliain R.C. Mhair sí go dtí na 300idí R.C. As na hOilmicigh a d'fhás ríochtaí eile Mheiriceá Láir.
Tháinig Hernán Cortés i dtír i Meicsiceo den chéad uair san áit ina bhfuil cathair Veracruz inniu. Chuir sé calafort ar bun ansin sular thug sé aghaidh ar Tenochtitlán, príomhchathair na nAstacach. Chuidigh cuid de Indiaigh Veracruz leis agus chuaigh cuid eile ina choinne.
Mar gheall ar an mbolgach a thug na Spáinnigh isteach sa tír leo, mharaigh na sluaite i measc na nIndiach agus bhí ganntanas mór oibrithe ann. Sa bhliain 1535, mar sin, thosaigh na Spáinnigh a thabhairt sclábhaí isteach ón Afraic, idir 500,000 agus 1 mhilliún duine san iomlán. D'éirigh na sclábhaí amach arís agus aríst eile, áfach, agus faoi dheireadh cuireadh an sclábhaíocht ar ceal, an chéad áit ar an domhan ina rinneadh amhlaidh. D'fhág sin freisin éagsúlacht eitneach in Veracruz thar an ngnáth i Meicsiceo.
Ba i Veracruz, ag calafort Chathair Veracruz, a cuireadh an cath deireanach sa Réabhlóid Mheicsiceach sa bhliain 1824. I lár an 19ú haoise, bhí Ignacio de la Llave y Segura Zevallos (1818-1863) ina gobharnóir ar Veracruz. Lena chomóradh a cumadh na leaganacha fada sin d'ainm an stáit.
Geilleagar
cuir in eagarIs iad an talmhaíocht agus peitriliam bunchloch gheilleagar Veracruz. Saothraítear leath na dtorthaí citreacha i Meicsiceo sa stát. Tá an pónaire fanaile tábhachtach agus dúchasach do Veracruz. Tá calafort Veracruz tábhachtach freisin agus, mar gheall ar chósta fada an stáit, déantar a lán iascaireachta ansin chomh maith.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ «El Estado de Veracruz de Ignacio de la Llave es parte integrante de la Federación Mexicana, libre y autónomo en su administración y gobierno interiores» (art. 1° de la Constitución Política del Estado de Veracruz de Ignacio de la Llave).
Naisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht Mheicsiceo é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |