Spideog bhroinndearg
Is éan beag pasaireach í an spideog bhroinndearg (Erithacus rubecula) a aimsítear go forleathan san Eoraip agus i dtuaisceart na hAfraice .[1] Aithnítear an spideog go héasca ón mbrollach dearg a bhíonn aici. Tá glór binn aici agus feictear go minic í i ngairdíní tuaithe agus cathrach, go háirithe nuair a bhíonn tochailt ar siúl. Tá sí le fáil fud fad na hEorpa, soir go dtí iarthar na Sibéire agus ó dheas go dtí an Afraic Thuaidh; bíonn sé suiteach sa chuid is mó dá raon ach amháin an taobh ó thuaidh.
Erithacus rubecula | |
---|---|
neach fásta | |
Taifead | |
Sonraí | |
Mais | 2.4 g |
Réise sciathán | 21 cm |
Meánlíon in ál | 4.9 |
Tréimhse ghoir | 15 laethanta |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22709675 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Muscicapidae |
Géineas | Erithacus |
Speiceas | Erithacus rubecula L., 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Tacsanomaíocht agus córasaíocht
cuir in eagarRinne Carl von Linné cur síos ar an spideog sa bhliain 1758 sa 10ú heagrán dá Systema Naturae faoin ainmníocht dhéthéarmach Motacilla rubecula.[2] Is laghdach é an buafhocal speiceasach rubecula díorthaithe ó fhocal Laidineach rubar 'dearg'. [3] Thug an nádúraí Francach Georges Cuvier an ghéineas Erithacus isteach sa bhliain 1800, ag tabhairt a ainm déthéarmach reatha E. rubecula don éan. Is as an tSean-Ghréigis an t-ainm ghéineas Erithacus agus tagraíonn sé d’éan anaithnid, a aithnítear anois mar spideog.[4][5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Erithacus rubecula” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Carl Linnaeus, 10 Eagrán, Holmiae. (Laurentii Salvii), 1758 ,lth 188 | url=https://www.biodiversitylibrary.org/page/727097
- ↑ Cassell's Latin Dictionary, 1979, 5ú Eagrán, lth 883
- ↑ Ernst Paynter, 1964, Check-list of Birds of the World. Iml.10, Museum of Comparative Zoology, Cambridge, Massachusetts, lth. 32. url=https://www.biodiversitylibrary.org/page/14486221
- ↑ Georges Cuvier, 1800, Leçons d'anatomie comparée. Iml. 1, L'Institute National des Sciences et des Arts, url=http://docnum.u-strasbg.fr/cdm/ref/collection/coll13/id/175485 Curtha i gcartlann 2018-06-12 ar an Wayback Machine
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |