Staid Aviva
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: as dáta
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Aviva Stadium (Staid Aviva) an t-ainm ar an staidiam ina n-imríonn foirne idirnáisiúnta Sacair agus Rugbaí na hÉireann. Tá sé lonnaithe i nDroichead na Dothra i mBaile Átha Cliath in Éirinn. Tugadh an tionscadal chun críche i 2010 agus osclaíodh é ar 14ú Bealtaine. Imríodh an chéad cluiche sa staid ar an 7ú Lúnasa, cluiche rugbaí idir dhá fhoireann mheasctha: Cúige Laighean/Cúige Ulaidh in aghaidh Cúige Chonnacht/Cúige Mumhan. 51,700 duine atá mar thoilleadh aige agus suíocháin ar fad atá ann, gan áit ar bith le seasamh. Is iad atá mar phríomh-thionóntaí an staidiam ná Foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann agus Foireann náisiúnta sacair Phoblacht na hÉireann.
Staid Aviva | ||
---|---|---|
Aviva Stadium | ||
Sonraí | ||
Suíomh | Droichead na Dothra Baile Átha Cliath ![]() | |
Osclaíodh | 2010 | |
Dromchla | Féar | |
Dílseánach | Cumann Rugbaí na hÉireann Cumann Peile na hÉireann | |
Cónaitheoirí | ||
Rugbaí Sacar |
Cumann Rugbaí na hÉireann Cumann Peile na hÉireann | |
Acmhainn | ||
Suíocháin | 51,700 |
Tá an staid tógtha ar shuíomh Bhóthair Lansdúin.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |