Túpáí
Mamach beag atá dúchasach d'fhoraoisí trópaiceacha de chuid Dheisceart agus Oirdheisceart na hÁise is ea an túpáí.[1] Cuimsíonn na túpáíonna an t-ord tacsanomaíochta Scandentia ina iomláine. Tá dhá fhine san ord: na Tupaiidae (19 speiceas, na “gnáth-thúpáíonna”), agus na Ptilocercidae (speiceas amháin, Ptilocercus lowii).
Scandentia | |
---|---|
Tupaia belangeri | |
Tacsanomaíocht | |
Foríocht | Bilateria |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Forord | Euarchontoglires |
Ord | Scandentia Wagner, 1855 |
Is uiliteoirí iad; itheann siad torthaí, i measc rudaí eile.
Tá cóimheas maise idir an inchinn agus an corp níos airde sa túpáí ná in aon mhamach eile, daoine san áireamh,[2] cé nach bhfuil sé as an ngnáth cóimheas ard a fheiceáil i measc ainmhithe atá níos éadroime ná 1kg.
Tá gaol gar ag na túpáíonna le príomhaigh, agus úsáideadh iad in áit príomhach i staidéir eolaíochta ar an mióipe, ar strus síceasóisialta, agus ar an heipitíteas.[3]
Tagann an t-ainm “túpáí”, agus ainm an ghéinis Tupaia, ó tupai, an focal Malaeise ar iora.[4] Ba é Stamford Raffles a cheap ainm an ghéinis.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““túpáí” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-02-13.
- ↑ “an article on Tupaia belangeri”. Washington University. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-06-01.
- ↑ Cao, J. (2003). "The tree shrews: Adjuncts and alternatives to primates as models for biomedical research". Journal of Medical Primatology 32 (3): 123–130. doi: . PMID 12823622. Dáta rochtana: 1 January 2012.
- ↑ Nowak, R.M. (1999). "Walker's Mammals of the World". Baltimore, MD: Johns Hopkins University Press. ISBN 978-0-8018-5789-8.
- ↑ Craig, John (1849). "A new universal etymological technological, and pronouncing dictionary of the English Language".
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |