Taisce Aithris Filíochta na hÉireann

Bunaíodh Taisce Aithris Filíochta na hÉireann[1] sa bhliain 2014 chun aithris filíochta a thaifeadadh ar mhaithe le hoidhreacht chultúrtha na filíochta Éireannaí a chaomhnú. Sheol an tAire Stáit Heather Humphreys an Taisce go hoifigiúil ar an 2 Nollaig 2015.[2]

Cartlann atá sa Taisce de dhánta atá scríofa ag filí agus údair na hÉireann, i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tograí cosúil leis seo ag University of Pennsylvania (PennSound)[3] agus Harvard University (Woodbury Poetry Room)[4] cheana. Tá Taisce Aithris Filíochta na hÉireann mar chuid de Leabharlann Dhigiteach an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.[5]

Déanann na filí dánta a léamh agus a mhíniú, agus uaireanta cuireann siad lámhscríbhinn ar fáil do chnuasach na Leabharlainne sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.[6] I measc na bhfilí atá tar éis a gcuid saothar a chur sa Taisce tá Moya Cannon, Eiléan Ní Chuilleanáin, Theo Dorgan, Biddy Jenkinson, Paula Meehan, Pádraig Ó Snodaigh, Aifric Mac Aodha agus Gabriel Rosenstock.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar